REACT An 8ú Comhdháil Ginearálta i Vín na hOstaire

Bhí comhdháil REACT againn inar bhailigh na páirtnéirí le chéile ar an 16ú agus 17ú Samhain i Vín na hOstaire, i bhfoirgneamh de chuid AIT don 8ú Comhdháil Ginearálta. Tá an togra dírithe ar neamhspleáchas fuinnimh atá fite fuaite le haistriú fuinnimh, le bainistiú fuinnimh agus le pobail fuinnimh a chruthú amach anseo a bheidh in ann a gcuid fuinnimh féin a ghiniúint, a bhainistiú agus a roinnt.

Rinneadh dul chun cinn ar an togra le linn an dá lá. Rinneadh dul chun cinn maidir le freagraí a chur ar go leor ceisteanna a bhí ag na páirtnéirí, cé go bhfuil an chuid is mó de chuspóirí an togra bainte amach go dtí seo.

Fuaireamar aiseolas ó na trí phobal oileánacha in Inis Mór, Árainn, Carloforte agus La Graciosa maidir lena gcuid tuairimí agus an dul chun cinn atá déanta le déanaí.

Phléamar na huirlisí réamhaisnéise atá in úsáid, na modhanna optamaithe, an tsamhail bosca liath/dubh saincheisteanna faoi fheidhmiú na greille leictreachais agus aimsiú fabhtanna. Bhí plé cuimsitheach againn maidir le rialtóirí sócmhainní fuinnimh.

Seo roinnt pointí a sheas amach ó na cainteanna agus ó na cur i láthair:

Tá an-tábhacht ag baint le comparáid a dhéanamh idir staid na dtograí píolótacha roimh agus tar éis fhorbairt REACT, agus mar sin ní mór dúinn na sonraí go léir a chur i gcomparáid.

Is céim chun cinn an-tábhachtach agus riachtanach é an nasc idir an togra agus na comhluchtaí soláthar leictreachais áitiúla a neartú sna míonna deiridh atá romhainn.

Ní mór dúinn freisin aird ar leith a thabhairt ar sholúbthacht an mhargaidh fuinnimh amach anseo i measc an phobail áitiúil.

Dhá chuspóir eile atá le críochniú againn go luath amach anseo ná na ceachtanna atá foghlaimaithe againn agus traenáil a chur ar fáil do na húsáideoirí.

Ní mór dúinn buíochas a ghabháil le foireann AIT — agus go speisialta Stefan Übermasser  — as an ócáid a óstáil agus as an gcruinniú a bheith ina cheann an-taitneamhach agus torthúil. Chomh maith leis sin, taimid buíoch as an gcuairt shuimiúil a bhí againn ar an tsaotharlann ag áitreabh AIT, áit ar fhoghlaíomar go leor faoi dheiseanna stórála fuinnimh agus greille.

Archives