REACT ag Sustainable Places 2023

Ón 14ú go dtí an 16ú Meitheamh, bhí REACT ag glacadh páirt ghníomhach i roinnt ceardlanna ag comhdháil Sustainable Places 2023. Bhí comhdháil na bliana seo i Madrid (mar ócáid hybrid) agus í ag tógáil ar a mbaineadh amach anuraidh. Roinn REACT an dul chun cinn a bhí déanta agus thugamar ionchur i bplé maidir le hábhair éagsúla a bhain le pobail fuinnimh, rannpháirtíocht saoránaigh, agus an t-aistriú go fuinneamh glas.

Seo léargas ar pháirtíocht REACT sna trí cheardlanna ar ghlacamar páirt iontu:

1- Pobail Fuinnimh Páirt 1: Teicneolaíochtaí, Seirbhísí, agus Rialacháin – Ceardlann Oibre

Sa cheardlann seo, ghlac REACT páirt i gcomhar le tograí eile, ina measc FEDECOM, POCITYF, DE-RISK, BECKON, CREATORS, MASTERPIECE, agus LocalRES chun cíoradh a dhéanamh ar theicneolaíochtaí, threoirlínte agus chreatlachtaí rialála a bhaineann leis an bhfuinneamh in-athnuaite a thacaíonn le bunú agus fás pobail fuinnimh san Eoraip. Trí chur i láthair agus plé, chíor na rannpháirtithe na forbairtí teicneolaíochta, seirbhísí, agus rialacháin ata ag tiomáint fás na bpobal fuinnimh. Rinne Francisco Javier Díez ó Tekniker ionadaíocht thar ceann REACT ag an gceardlann seo.

2- Pobail Fuinnimh Páirt 2: Rannpháirtíocht Saoránaigh agus Tomhaltóirí – Ceardlann Oibre

Labhair REACT ag an gceardlann seo i dteannta na dtograí seo a leanas COMMUNITAS, HESTIA, LIGHTNESS, NEON, RESCHOOL, agus DE-RISK. Bhí an bhéim sa cheardlann seo ar thuiscint a fháil ar na deiseanna agus na srianta a bhaineann le rannpháirtíocht saoránaigh agus tomhaltóirí i bpobail fuinnimh. Pléadh agus cuireadh modheolaíochtaí agus uirlisí i láthair chun rannpháirtíocht éifeachtacht a chothú agus chun tusicint níos doimhne a fháil ar an gcaoi le daoine aonaracha a fháil páirteach i bpróiseas an aistrithe fuinnimh. Ba é Fausto Sainz Salces ó COMET a rinne ionadaíochta ar REACT agus a léirigh taithí an togra.

3- Oileáin Gheograifeacha an AE mar cheannairí an aistrithe fuinnimh ghlais: 5ú Eagrán – Ceardlann Oibre

Sa cheardlann seo, an 5ú ceann de shraith, bhí sé d’aidhm aige an comhoibriú idir tograí éagsúla gaolmhara H2020 atá ag obair ar dícharbónú oileán agus an aistriú fuinnimh, a neartú. Tháinig na tograí seo a leanas le chéile NESOI, IANOS, INSULAE, VPP4ISLANDS, ROBINSON, MAESHA, GIFT agus REACT chun taithí saoil a roinnt, léargais, agus torthaí teicniúla a bhain le oileáin gheograifeacha an AE. Dhírigh cur i láthair ar an idirphlé le eagrais an AE, scéimeanna airgeadais, agus na ceachtanna a bhí foghlamtha. Fuarthas aiseolas ón lucht féachana i dtaobh srianta, deiseanna, agus riachtanais na n-oileán i dtaca le ról ceannasach a ghlacadh san aistriú go fuinneamh glas san Aontas Eorpach. Labhair Fausto Sainz Salces ar son REACT ag an ócáid seo ar mhaidin dheireanach na comhdhála.

Trí rannpháirtíocht ag na ceardlanna seo, chuir REACT leis an aistriú eolais, leis an bplé comhoibríoch, agus leis an gcuardach le haghaidh réitigh nuálaíocha ar féidir leo dlús a chur le glacadh teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan ahus bunú pobail fuinnimh inmharthana.

Críoch iontach ar iarracht iontach!

Archives