Tugann REACT cuairt ar an mBrasaíl

Bhí cur i láthair ar an tionscadal REACT sa Bhrasaíl anuraidh. Tharla an cheardlann ag an Tuiuti Universidade ar an 2 Meán Fómhair. Rinneadh comhpháirtíocht idir an tOllamh Luiz Correa ó Scoil na Ríomheolaíochta in Universidade Tuiuti agus Dayanne Peretti, iarrthóir PhD sa Roinn Innealtóireachta in Ollscoil na Gaillimhe chun ceardlann a eagrú do mhic léinn na Teicneolaíochta Faisnéise agus é mar chuspóir aici taighde feidhmeach a chur i láthair a bhaineann leis na réimsí staidéir innealtóireachta leictrí agus Teicneolaíochta Faisnéise.

Sa cheardlann seo, díríodh ar thogra píolótach in Árann de chuid REACT a chur i láthair agus ar an gcumas freagairt don éileamh a chur i bhfeidhm in áiteanna cónaithe. Ó rannpháirtíocht an phobail go dtí an optamú agus na cásanna úsáide freagartha don éileamh a bhí pleanáilte do na foirgnimh chónaithe, ba é an cuspóir a bhí ann na gnéithe go léir a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thionscadal sa réimse seo a thaispeáint do na mic léinn agus an méid is gá chun céim tomhais agus fíoraithe aon bhirt éifeachtúlachta fuinnimh a thomhas agus a fhíorú. 

Bhí suim ag na mic léinn conas a d’fhéadfaidís a gcuid eolas teoiriciúil ríomheolaíochta a chur i bhfeidhm i ndisciplíní eile, ar nós innealtóireacht leictreach. Bhí ceisteanna ann faoi na torthaí go dtí seo agus faoi na dúshláin a bhí ann sa scéim phíolótach seo, lena n-áirítear plé maidir leis an intleacht shaorga a chur i bhfeidhm i dtithe cónaithe, GDPR agus cibearshlándáil.

Táimid ag súil go mór le breis poiblíoichta idirnáisiúnta a fháil don tionscadal sna míonna amach romhainn.

Archives