REACT AR AR Bord Macasamhlaithe Oileáin an AE

Tá baill REACT ag glacadh páirt ghníomhach i gcúrsaí cumarsáide agus poiblíocht ar thorthaí REACT ag baint leasa as cainéil agus deiseanna éagsúla: an tseachtain seo a d’imigh tharainn, ar an 6 Meitheamh, fuaireamar deis ár scéal a insint ón EU Islands Replication Board.

Cuireadh React i láthair an lucht féachana mar aon lena chuspóirí agus torthaí agus ag tógaint an méid mór torthaí atá againn ag deireadh an togra san áireamh, níorbh aon iontas é go raibh suim ar leith ag an lucht féachana sa togra agus go ndearna siad roinnt fiosrúcháin i dtaobh na dtorthaí ina dhiaidh. Os rud é go bhfuilimid ag deireadh an togra an mhí seo, is féidir linn a mhaíomh go bhfuil roinnt mhaith torthaí i gceist, idir thorthaí teicniúla agus sóisialta. Labhramar faoi na torthaí sin agus tá nó beidh a bhformhór sin ar fáil i gcur i láthair poiblí nó i bhfoilseacháin eolaíochta amach anseo.

Ceardlann Oibre ar Phainéal 1 – Ba é seo an t-ardán ceart chun na torthaí agus na ceachtanna atá foghlamtha againn ó thogra REACT le ceithre bliana go leith anuas.

Is féidir leat íoslódáil a dhéanamh ar na cur i láthair anseo: https://www.gift-h2020.eu/wp-content/uploads/2023/06/Replication-Board-Compiled.pdf

Féach ar an taifead ar GIFT YouTube Channel

An tseachtain seo táimid ag déanamh cur i láthair faoi REACT ag SUSTAINABLE Places 2023…ná caill é.

Archives