EU Synergies

BRIDGE

Is togra de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an togra BRIDGE a thugann le chéile tograí Horizon2020 maidir le tearmaí a bhaineann le h-eangach chliste, stóráil fuinnimh, fuinneamh agus oileáin, agus tograí eile de chuid na fuinnimh inathnuaite. Seo chun léargas struchtúrtha a chruthú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn sna tograí seo agus a d’fhéadfadh a bheith ina gconstaic ar an nuálaíocht. Le próiseas BRIDGE, cothaítear comhroinnt leanúnach eolais i measc na dtograí, rud a chuireann ar a gcumas conclúidí agus moltaí a sholáthar. Á dhéanamh seo d’aon ghuth, trí cheithre rannóg éagsúla a dhéanann ionadaíocht ar na príomhréimsí spéise: bainistiú sonraí, samhlacha gnó, rialacháin agus rannpháirtíocht tomhaltóirí.

Islander

Réitíonn an togra ISLANDERS an bealach chun córais fuinnimh oileáin an AE a dhícharbónú. Is féidir é seo a léiriú trí úsáid a bhaint as na greillí cliste agus na fuinnimh in-athnuaite, ag obair le chéile i dteannta na teicneolaíochtaí stórála. Tá an togra ag tosú le hoileán píolótach Borkum, agus tá sé mar aidhm ag an togra na réitigh sin a mhacasamhlú chuig 4 Oileán Leantach eile: Lefkada agus Skopelos sa Ghréig, Orkney sa Ríocht Aontaithe agus Cres sa Chróit.

VPP4Islands

Sprioc an togra VPP4Islands ná dícharbónú a dhéanamh ar oileáin agus forbairt a dhéanamh ar an VPP (Stáisiún Fíorúil Cumhachta). An marc atá le haimsiú ná go mbeadh córais fuinnimh dhíláraithe agus inbhuanaithe á fhorbairt trí úsáid a bhaint as uirlisí nuálacha. Sampla des na huirlisí nuálacha seo ná na seirbhísí cúpla digiteacha, seirbhísí blocshlabhra agus seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga. Caithfear dúshláin fuinnimh na hoileáin a thógainn san áireamh, chomh maith leis an infreastruchtúr agus na costais. Is soláthar leictreachais neamhsheasmhach é an cumhacht a ghintear ós na fuinnimh inathnuaite. Beidh an VPP4Islands in ann solúbthacht a thabhairt maidir leis na fuinnimh inathnuaite seo agus an ghreille atá ann cheana féin, i dtreo is ná bheidh aon tionchar diúltach ar an gcóras. Léireofar na teicneolaíochtaí seo sa dhá oileán cheannródaíocha agus déanfar iad a mhacasamhlú i dtrí oileán leantacha eile.

Robinson

Is é sprioc an togra ROBINSON ná córas comhtháite fuinnimh a fhorbairt chun leibhéal an charbóin na n-oileán a laghdú. Léireofar an córas ar oileán Eigerøy, san Iorua, bunaithe ar foinsí fuinnimh inathnuaite atá ar fáil go háitiúil. Beidh na foinsí fuinnimh seo ag obair i dteannta leis na líonraí leictreacha agus teirmeacha agus córais teicneolaíochtaí stórála fuinnimh. Tá sé i gceist acu hidrigin a úsáid sa phróiseas stórála fuinnimh. Tá sé mar aidhm macasamhlú a dhéanamh ar na córais seo sa Chréit, ar oileáin cósta Iarthair na Ríocht Aontaithe agus ar cuid oileáin eile san Aontas Eorpach.

GIFT

Is togra nuálach é an togra GIFT agus a bhfuil sé mar aidhm fuinnimh oileáin na hEorpa a dhícharbónú. Tá sé i gceist é seo a dhéanamh trí réitigh nuálach a fhorbairt, cosúil le córais cumhachta fíorúil a fhorbairt agus córais bhainistíochta fuinnimh fíorúil a fhorbairt do chalafoirt, monarchana agus tithe cónaithe. Tá sé i gceist chomh maith go mbeadh tuar níos fearr ann maidir le soláthar agus éileamh an fhuinnimh atá á ghiniúint agus á úsáid. Beidh an togra ag cóiméad súil gearr ar seo trí an anailís a bheidh á dhéanamh ar na sonraí a bheidh ag teacht tríd an ardán GIS. Tá sé i gceist acu go mbeidh córais stórála fuinnimh nuálacha a fhorbairt a cheadóidh sineirge idir an ngreille leictreacha, na córais iompar agus na córais teasa. Méadóidh GIFT ráta na foinsí fuinnimh in-athnuaite ar na n-oileáin agus laghdóidh sé seo an riachtanais ar díosal a úsáid mar fhoinse fuinneamh. Ina theannta sin laghdóidh sé seo na h-astaíochtaí gáis ceaptha teasa a bhaineann leis seo. Le 4 bhliain tá na páirtnéir ag forbairt agus ag léiriú na córais ar dhá oileáin phíolótacha, Hinnøya an oileán is mó san Iorua agus oileán beag Procida san Iodáil. Tá sé mar aidhm acu macasamhlú a dhéanamh ar an togra seo in oileán sa Ghréig agus oileán eile sa Iodáil ina dhiaidh seo, tá oileáin Evia agus Favignana pioctha amach acu cheana féin.