9ú ComhThionól Ginearálta i Lesvos

Bhí an comhthionól ginearálta deiridh le haghaidh cuibhreannas REACT ar siúl idir an 6ú agus an 8ú Meitheamh in Lesvos. Ba é Ollscoil na Aeigéach, a bhfuil a gcampas i mbaile álainn Mytilene, a bhí ina n-óstaigh an uair seo, agus rinne Stergios Vakalis jab iontach chun an cruinniú agus na gníomhaíochtaí gaolmhara eile a eagrú.

Le linn an chomhthionóil, rinneadh cur i láthair i dtaobh gníomhaíochtaí ar Inis Mór, Carloforte, agus La Graciosa, a leag béim ar an staid reatha agus ar na céimeanna a bheidh le glacadh amach anseo i ngach áit. Bhain an plé freisin le stádas imlonnaithe sheirbhísí ardán REACT, bailiú sonraí, agus cúraimí oibríochtúla agus cothabhála iarthionscadail. Díríodh an plé ar an obair a rinneadh le linn na tréimhse (dul chun cinn foriomlán), ar na torthaí agus ar na gníomhaíochtaí ba shuntasaí a cuireadh chun feidhme, agus ar ghníomhartha diallta agus ceartaitheacha a cuireadh chun feidhme nuair ba ghá sin. Caitheadh súil siar freisin ar na cúiseanna a bhí le teipeanna i dtaca le cuspóirí criticiúla a bhaint amach agus/nó gan a bheith ar an sceideal. Ceann de na hábhair ba thábhachtaí a bhain leis an imeacht ná na cainteanna maidir leis an bplean bailíochtaithe agus macasamhlaithe. Is deis é na féidearthachtaí atá ann do na hoileáin níos mó samhail REACT a ghlacadh chun torthaí an tionscadail a fhorbairt a thuilleadh agus é a mhéadú.

Bhí plé oscailte ag na comhpháirtithe chun tuairimí a chéile a fháil maidir le bailíochtú chásanna úsáide thionscadal REACT, ach freisin maidir leis an measúnú ar thorthaí thionscadal REACT i ndáil le STOS agus KIs agus maidir le pleananna forbartha. Tá sé tábhachtach go mbeidh na hiarrachtaí go léir a rinneadh le linn na gceithre bliana go leith sin beo sa tsochaí ar bhealach éigin. Ar an gcúis sin labhair a raibh sa chruinniú faoi fhorbairt samhlacha gnó, inscálaitheacht agus pleananna inmhacasamhlaitheachta.

Thug an tionól deis do chomhpháirtithe an tionscadail measúnú a dhéanamh ar chásanna úsáide an tionscadail, na torthaí a baineadh amach a mheas, agus bealaí inscálaitheachta agus inmhacasamhlaitheachta a fhiosrú. Pléadh freisin samhlacha gnó agus straitéisí chun torthaí an tionscadail a chur in iúl agus a scaipeadh, agus é mar aidhm acu tionchar an tionscadail a uasmhéadú. Tá sé an-tábhachtach anois cumarsáid agus scaipeadh thorthaí thionscadal bailíochtaithe REACT a chomhdhlúthú, sa mhéid is go bhfanfaidh an suíomh gréasáin seo (www.react2020.eu ) ar oscailt ar feadh 5 bliana eile agus beidh gach táirge insoláthartha poiblí agus gach páipéar eolaíoch ar fáil sa rannán Foilseacháin & Torthaí agus in Zenodo freisin.

Thug an tOllamh Dias Haralampopoulos turas míniúcháin iontach ar shaotharlann na hollscoile mar a léiríodh na teicneolaíochtaí go léir a úsáidtear sa roinn do na gníomhaíochtaí taighde ar fhuinneamh agus inbhuanaitheacht.

Ag an 9ú Comhthionól Ginearálta, léiríodh tiomantas agus iarrachtaí comhoibríocha an chuibhreannais maidir le córais fuinnimh a dhícharbónú ar oileáin gheografacha. Agus béim láidir á leagan ar chleachtais inbhuanaithe agus ar chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite, leanann tionscadal REACT den bhealach a réiteach do thodhchaí níos glaise agus níos athléimní. Táimid muiníneach go gcuideoidh torthaí an togra le dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le neamhthuilleamaíocht fuinnimh ghlais na n-oileán. Ba bhóthar casta é de dheasca na paindéime a bhí i lár an togra ach tá go leor foghlamtha againn go léir agus breis curtha lena stór eolais agus tá feabhas curtha againn ar ár dtuiscint ar na riachtanais atá ag cónaitheoirí oileánacha.

Is cúis bhróin dúinn go bhfuil deireadh ag teacht leis an tionscadal ach fanfaidh eispéireas iontach a shaibhrigh sinn go léir, go teicniúil agus go daonna, inár gcuimhní.

Archives