Cuairt ar Inis Mór

An tseachtain seo caite ar an 26ú Aibreán, bhailíomar le chéile ar oileán álainn Inis Mór chun an dul chun cinn atá déanta maidir cur i bhfeidhm an togra REACT a chur faoi bhráid údaráis na n-oileán atá chun an togra seo a leanúint nuair a bheidh sé críochnaithe.

B’é aidhm agus cuspóirí na cuairte agus an chruinnithe seo ná turas agus caint eolais a chur ar fáil do mhuintir oileáin Gotland agus Lesbos maidir leis an gcaoi a bhfuil coincheap an togra fíoraithe agus na buntáistí atá ann d’oileánaigh.

Tionóladh cruinnithe maraon le turais go dtí na suímh ina bhfuil an trealamh lonnaithe. Rinne an Comharchumann áitiúil, Comharchumann Forbartha Árann Teoranta (CFAT) cur i láthair ina raibh sleamhnán faoi na príomhdhúshláin a bhí ann le linn an togra, cad a d’oibrigh go maith agus na rudaí nár oibrigh.

Cuireadh eolas maith ar fáil do mhuintir na n-oileáin leantacha ar shaincheisteanna amhail iompar, trealamh, tógálacha, coimisiúnú, na daoine a ghlac páirt sa togra agus an deacracht a bhí le soláthar seirbhíse Wi-Fi ar an oileán i measc nithe eile.

Tá sé tabhachtach na ceachtanna atá foghlamtha maidir le cur i bhfeidhm chlár fuinnimh in-athnuaite ar na hoileáin phíolótacha a thabhairt san áireamh agus sinn ag iarraidh a mhacsamhail a chur i bhfeidhm ar na hoileáin leantachta.

Taispeánadh do gach duine a bhí i láthair ardán fón póca an togra chomh maith leis an suíomh gréasáin. Seolann an aip an t-eolas ar fad is gá d’úsáideoir maidir le feidhmíocht an chórais. Taispeánann sé an trealamh ar fad chomh maith le stádas na gceallraí i measc feidhmiúlachtaí eile. Tá an aip gréasáin áisiúil d’oibreoirí toisc gur féidir leo aon fhadhb a aithint agus stádas an chórais a fháil amach. Is féidir leis an aip sonraí a thairiscint i bhformáid laethúil, sheachtainiúil, mhíosúil nó bhliantúil.

Thugamar cuairt ar roinnt de na suímh (an naíonra, an mheánscoil, ionad athchúrsála, foirgneamh oifige forbartha pobail agus an halla pobail). Bhí deis ag an ngrúpa cuairt a thabhairt ar na suímh agus féachaint ar an trealamh ag feidhmiú.

Tá sé tábhachtach é a mheabhrú dóibh siúd a bheidh ag insealbhú trealamh fuinnimh in-athnuaite na fíricí a fháil ar dtúis chomh maith le conas gur féidir leis na córais seo feabhas a chur ar a saoil, a ngeilleagair agus ar an timpeallacht.

Tá an luchtaire cairte insealbhaithe sa naíonra agus is é seo an chéad cheann atá ar fáil ar an oileán.

B’fhacthas don ghrúpa a bhí ar cuairt ar an oileán na buntáistí ar fad a bhaineann leis an obair seo don phobal aitiúil.

Gabhaimid buíochas mór lenár n-óstach Comharchumann Forbartha Árann Teo, go háirithe Cathy, as an gcruinniú a eagrú chomh maith leis an siúlóid a eagrú agus na buntáistí a thaispeáint dúinn a bhaineann le cuspóirí REACT.

Gabhaimid buíochas ó chroí le hionadaithe na n-oileán leantach as freastal ar an gcruinniú, as an ionchur agus an spéis a léirigh siad sa togra. Tá súil againn go raibh an chuairt ina buntáiste don lucht a bheidh ag leanúint an togra seo.

Archives