An tseachtain seo caite ón 25ú go dtí an 27ú comhpháirtí REACT, tháinig na páirtnéirí go léir le chéile i Lanzarote chun freastal ar an 7ú Comhthionól Ginearálta den togra.
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/FOTO-consorcio-1024x768.jpg)
Le linn an chéad lae, cuireadh na gníomhaíochtaí éagsúla i láthair i ngach réimse: sóisialta, teicneolaíochta, teicniúla agus a gcaidreamh leis na suímh píolótach. Pléadh an obair atá ar siúl i gCarloforte, La Graciosa agus Inis Mor chomh maith. Pléadh freisin ábhair thábhachtacha eile maidir leis na hathruithe i bhfoirmíochtaí teicneolaíochta na láithreán píolótacha agus maidir leis an nuashonrú ar na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí imlonnaithe. Bhí an tsaincheist maidir le sonraí a bhailiú ó na córais teicneolaíochta don tréimhse bhonnlíne ina abhar cainte thábhachtach i rith an lae.
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/app-1024x768.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/IMG_20220525_111806140-1024x768.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/IMG_20220525_113124389-1024x768.jpg)
Ar an dara lá, phléamar ábhair an-tábhachtach a bhaineann go dlúth le cur chun feidhme an togra sna suímh píolótacha: ar thuiscint a fháil ar thaithí na n-úsáideoirí cónaithe, ar an gcaoi a n-iompraíonn úsáideoirí iad féin nuair a bhíonn an córas i bhfeidhm sna tithe cónaithe. Chomh maith leis seo phléamar na ceachtanna a fhoghlaimítear le linn na tréimhse seo, na féidearthachtaí chun réitigh chliste a mhéadú, an chaoi a bhfuil monatóireacht á déanamh againn ar na sonraí ionas gur féidir linn samhail a dhéanamh d’aistriú glas na n-oileán píolótach chuig na hoileáin leantóra ag baint úsáide as fíorshamplaí cásanna agus ar deireadh, forbairt fhéideartha samhlacha gnó.
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/WP8-Sara-Myself-1024x768.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/react-1-1024x768.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/IMG_20220526_111312481_BURST000_COVER_TOP-1024x768.jpg)
Le linn an lae dheiridh den chruinniú bhí imeacht ar siúl i La Graciosa inar tháinig na Comhairle áitiúil agus gach ball den togra a bhí i láthair don gcruinniú le chéile ar oileán La Graciosa. Bhí chur i láthair beag acu inar labhair siad faoi an togra agus an tionnchar a bhí aige ar an oileán. Bhí muintir an oileáin an-dearfach faoi na córais agus bhí fonn orthu leanúint ar aghaidh le gníomhartha a d’fhéadfadh an t-oileán a dhéanamh neamhspleách ar fhuinneamh. Chuir siad in iúl go soiléir do na daoine i láthair gur mian leo dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir le dícharbónú agus neamhspleáchas fuinnimh don oileán agus gur cheart deireadh a chur le bacainní riaracháin. Bhí sé ina chruinniú an-suimiúil agus táirgiúil do gach duine a bhí i láthair.
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/federico-1024x683.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/autoridades-copia-1024x768.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/participante-1024x683.jpg)
Anois táimid ag tnúth go mór leis an obair sna míosa amach roimhainn agus an gcéad chruinniú eile nuair a chuirfear leis na torthaí go dtí seo.
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/carimoEnsenando.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/mirando-1.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/mirando2-1.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/pablo-1024x683.jpg)
![](https://react2020.eu/wp-content/uploads/sites/5/2022/06/joseFenie-1.jpg)