REACT ag comhdháil Sustainable Places 2022

Ar an 6-9 Meán Fómhair 2022, ghlac togra REACT páirt i gcomhdháil Sustainable Places Conference 2022, imeacht hibrideach (bhailigh na daoine le chéile i Nice na Fraince agus bhí daoine ag freastal ar líne). Seo é an 10ú eagrán i mbliana agus bhailigh beagnach 150 togra Eorpach a bhfuil maoiniú do bhreis agus 1 Billiún Euro faighte acu ón Aontas Eorpach. Bhí REACT ann ag tabhairt cuir i láthair i gceardlanna agus d’fhreastal roinnt de bhaill an togra ar an gcomhdháil, b’iad sin  R2MCOMETMihajlo Pupin Institute agus Teesside University

Deis iontach a bhí sa chomhdháil seo torthaí agus luach saothair an togra REACT a chur chun cinn agus rinne roinnt partnéirí togra REACT cuir i láthair:

Thar ceann Ollscoil Teesside, bhí an fócas ar na gnéithe sochaíocha agus tuiscint a fháil ar na príomhspreagthóirí sóisialta. D’eascair sé seo ó agallaimh a rinne siad agus imscrúdú déanta acu ar riachtanais agus deiseanna d’úsáideoirí a bhíonn ag tabhairt aghaidh ar ardáin éileamh freagartha fuinnimh cliste agus ar choinceapanna i dtaobh solúbthachtaí fuinnimh agus conad gur féidir tacú le glacadh trédhearcach i gcás na soláthraithe fuinnimh atá sa mhargadh ( ICT, ESCO’s, comhlachtaí fuinnimh, DSO’s, srl.). Thug an Dr Dana Abi Ghanem leis an Ollamh Tracey Crosbie (ar líne) cur i láthair ar thaighde dar teideal “An t-aistriú chuig an fuinneamh glan: torthaí ó shuirbhé cónaitheoirí ar thrí oileán”. Is iad trí oileán an togra REACT a bhí i gceist (La Graciosa, Carloforte agus Inis Mór).

Ina theannta sin, léirigh an tOllamh Michael Short taighde eile a rinneadh le déanaí dar teideal: “An bhearna a thomhas: cur chuige staidrimh maidir le meastóireacht agus réamhaisnéis a dhéanamh ar rannpháirtíocht an duine i gcláir freagartha éileamh fuinnimh”. Rinneadh an obair i gcomhar leis an Ollamh Tracey Crosbie.

I seisiún páipéir eile, thug Dana Abi Ghanem óráid ar shaothar a scríobh sí i gcomhar leis an Dr Mina Najafi, agus leis an Ollamh Tracey Crosbie dar teideal: “An t-úsáideoir agus a áit i ndearadh agus i dtástáil teicneolaíochtaí freagartha éilimh: impleachtaí do rannphairtíocht úsáideoirí ag úsáid teicneolachtaí eangaí cliste”.

Páirteach sa cheardlann

Le linn na ceardlainne, d’fhéach na tograí AE seo a leanas ((ISLANDER, ROBINSONGIFT agus NESOI) agus tograí eile a bhfuil ábhar den chineál céanna faoi chaibidil acu (IANOS, INSULAE, agus MAESHA) ar ábhair éagsúla a bhaineann le bealaí chun oileáin astaíochtaí ísle carbóin a bhaint amach, na scéimeanna maoinithe chun an sprioc sin a bhaint amach, chomh maith le torthaí agus ceachtanna a foghlaimíodh ó na tionscadail agus ó na gníomhaíochtaí ar a suíomhanna píolótacha.

Bhí Marko Jelić, ó Mihajlo Pupin Institute, i measc na gcainteoirí a bhí ag déanamh ionadaíochta thar ceann an togra REACT.

Rinne na cainteoirí go léir cur i láthair spreagúil don lucht féachana (i bpearsa agus ar líne) ar na dúshláin atá rompu: an gá atá le bheith uathrialach ó thaobh fuinnimh de agus bóthar na hinmharthana agus teacht aniar a spreagadh agus é seo bunaithe ar astaíochtaí charbóin a ísliú. Go deimhin, tá na tograí go léir ag forbairt bealaí chun fuinneamh in-athnuaite a oibriú agus a nascadh le solúbthacht na gcóras bainistíochta fuinnimh áitiúil, rud a chruthaíonn go minic na dálaí le haghaidh scéimeanna féintomhaltais fuinnimh agus samhlacha gnó laistigh de phobail fuinnimh in-athnuaite (REC’s).

Ó foilsíodh an “Ráiteas Beartais maidir le Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais Eorpaigh” i 2017, tá oileáin Eorpacha ag feidhmiú ina n-ambasadóirí don aistriú fuinnimh. Tá na hoileáin seo ag baint úsáid éifeachtúil as na foinsí fuinnimh, agus tá ról tábhachtach ag an togra REACT laistigh de na trí scéim phíolótacha lena gcuirtear réitigh fuinnimh ghlain chun feidhme i La Graciosa, Carloforte agus Inis Mór, chomh maith leis na cúig oileán leanúna.

Rannpháirtíocht an úsáideora

Agus é seo go léir san áireamh ní féidir dearmad a dhéanamh ar rannpháirtíocht an úsáideora. Gan rannpháirtíocht an úsáideora agus an phobail, ní féidir an togra REACT ná aon togra eile a chur i gcrích. Tá go leor ceisteanna agus dúshláin le sárú agus iad ag comhoibriú i gcomhthéacsanna na n-oileán beag, áit uaireanta nach mbíonn mórán deiseanna ann plé a dhéanamh faoi choincheapa amhail “fuinneamh glan”, “pobail fuinnimh” nó “solúbthacht fuinnimh”. Le linn na ceardlainne a bhí againn ag an ócáid, bhí moltaí ag daoine maidir leis na hábhair thuasluaite agus na bealaí traidisiúnta chun rannpháirtíocht na n-úsáideoirí dúchasacha a mhúscailt.

Dúshláin na nuálaíochta

Bhí sé úsáideach foghlaim faoi dhúshláin bhainistíochta fuinnimh agus a thuiscint go spárálann comharchumainn fuinnimh airgead/fuinneamh agus go méadaíonn sé éifeachtúlacht. Chomh maith leis sin, bhí sé an-spéisiúil a fháil amach gur dúshlán iad na forbairtí teicneolaíochta (ábhair nua, bogearraí oiriúnaithe, srl.) ach gur ceannródaithe iad seo ó thaobh na nuálaíochta de.

Painéil ghréine nua a bhfuil trédhearcacht meánach ag baint leo

Mar is gnáthach, ba dheis iontach an chomhdháil seo chun eolas a fháil ar thograí fuinnimh ghlais agus ba dheis iontach í chun teacht i dteagmháil le torthaí an-suimiúil agus trealamh iontach nuálach chun sinn a spreagadh chun leanúint ar chosán an taighde agus nuálaíochta i dtaca le fuinneamh glan.

Ag SP22 bhí an deis ag Comet Technology agus R2M eolas faoin togra REACT a roinnt agus labhairt le taighdeoirí, lucht déanta beartas, soláthraithe teicneolaíochta agus comhairleachtaí eile a bhí i láthair ag an gcomhdháil.

Bhí aird an lucht féachana go h-ard agus daoine ag caint faoi conas rochtain a fháil ar fhuinneamh ar phraghas réasúnta do phobal atá lonnaithe ar oileáin agus ag an am céanna glacadh le hathrú meoin i dtreo stíl mhaireachtála dhícharbónaithe agus meas ar éiceachórais áitiúla agus ar áilleacht chomhshaoil na n-oileán.

Gus na taisbeanaidhean agus bhidio na bùth-obrach fhaicinn, tadhal air: European Actions towards Geographical Islands Decarbonisation – Sustainable Places (SP)

Archives