Imeachtaí i gCarloforte

Ar an 5ú Lúnasa, bhuail R2M Energy agus Comune di Carloforte le muintir oileán San Pietro atá ag glacadh páirt i dtogra REACT. Seo chun an chéad sciar torthaí a chur i láthair a bhuíochas leis an forbairt nuálacha ar na teicneolaíochtaí a chuir an togra ar fáil: ceallraí Midac, caidéil teasa ard éifeachtacht Mitsubishi agus méadar cliste NesosNet agus EnergyHUB.

Bhí na rannpháirtithe ana shásta leis na torthaí a baineadh amach cheana féin ó sna chéad mhíonna atá an trealamh ag obair, rud a d’fhág laghdú suntasach ar a mbillí fuinnimh, go háirithe sa tréimhse dheireanach nuair a bhí siad an-imníoch faoi phraghsanna fuinnimh ag ardú.

Le linn an chruinnithe sin, bhí R2M Energy ag súil leis na chéad chéimeanna eile a chuirfear chun feidhme ó thaobh rialú freagartha éileamh fuinnimh a bhuíochas leis an aip mhóibíleach nua REACT a forbraíodh go sonrach do rannpháirtithe REACT. Thóg an fhoireann an deis na rannpháirtithe a threorú trí na hardáin mhonatóireachta éagsúla, chun tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh ar an gcaoi a n-oibríonn pobal fuinnimh, féintomhaltas PV, freagairt éileamh fuinnimh agus bunghnéithe na bainistíochta fuinnimh, chomh maith lena gceisteanna agus a n-amhras féin a fhreagairt.

Tar éis an chruinnithe bhí imeacht poiblí ar oscailt do gach oileánach. Chuir Méara Carloforte, in éineacht le roinnt ionadaithe ón mbardas a raibh baint acu le cur chun cinn REACT agus le tacaíocht theicniúil ó R2M Energy, na pleananna chun REACT a mhéadú agus a scaipeadh ar gach áitritheoir ar an oileán.

Bhí sé i gceist leis an dara hócáid seo feasacht daoine a mhéadú maidir leis na buntáistí a bhaineann le dícharbónú, agus baill nua á n-earcú ag an am céanna chun an chéad comhphobal fhuinnimh in-athnuaite a chruthú ar oileán San Pietro.

D’éirigh go maith leis an dá imeacht: D’fhreastail níos mó ná 200 duine orthu.

In agallamh a eisíodh don nuachtán réigiúnach ‘‘Unione Sarda’’, dúirt Méara Carloforte “tá áthas orainn leis an bhfreastal ar an gcéad chruinniú poiblí seo. Le tacaíocht ár dteicneoirí, léiríomar tréithe an phobail fuinnimh, na féidearthachtaí a bhaineann le dul isteach sa togra seo, agus labhair muid freisin faoi na dreasachtaí a bhaineann le pobail fuinnimh. Is ábhar bunúsach é, fiú amháin leis na cásanna atá ann faoi láthair in earnáil an fhuinnimh.’

D’ardaigh daoine ceisteanna go gníomhach agus thug siad tuairimí maidir le roinnt ábhar (ó shuiteáil PV i lár na cathrach, go dtí an méadú ar phraghsanna fuinnimh), rud a léiríonn spéis mhór agus an toilteanas oileán neamhspleách agus inbhuanaithe fuinnimh a bheith acu.

Más ó Carloforte thú agus nach raibh tú in ann freastal ar an ócáid ach má tá suim agat dul isteach i bpobal fuinnimh in-athnuaite i San Pietro nó má tá fonn ort níos mó a fhoghlaim faoin méid atá déanta laistigh de REACT ar San Pietro cliceáil ar an nasc thíos. Tá eolas ann faoi pobal fuinnimh in-athnuaite agus na céimeanna atá i gceist chun é a chur ar bhonn foirmiúil i Carloforte, iarraimid ort féachaint ar thaifead na hócáide poiblí ag an nasc seo a leanas: https://fb.watch/eSdqNvZntx/

Archives