REACT ar shráideanna Arrecife

Le linn comhdháil REACT le déanaí, bhuaileamar le muintir Lanzarote ar na sráideanna chun iad a chur ar an eolas faoin thogra REACT agus faoi na réitigh de chuid na fuinnimh inathnuaite éagsúla atá á fhorbairt againn le 3 bliana anuas. Chuireamar seastán in airde i lár Arrecife ag cur ár dtogra ar taispeáint agus bhí baill an togra ar fáil chun aon cheist a fhreagairt. D’fhreastail Carimo Osman, Gisela Soley, Pablo Sarrain agus Fausto Sainz ar an ócáid thar ceann an togra. Bhí baill eile den fhoireann ar fáil freisin chun daoine a chur ar an eolas ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh agus ár n-aistriú fuinnimh.

Ag REACT, creidimid gur cheart torthaí uile na hoibre atá déanta againn sa togra a roinnt leis na páirtithe éagsúla cosúil le: riaracháin phoiblí, tomhaltóirí, pobal eolaíochta, conraitheoirí, etc. Tá sé seo ag tarlú trí thionscnamh BRIDGE. Leis an tionscnamh seo, bailítear le chéile tograí eile den chineál céanna a fhaigheann maoiniú ón Aontas Éorpaigh chun torthaí agus an méid atá foghlaimithe againn a chomhroinnt. Tá sé tábhachtach go mbeadh na geallsealbhóirí uile ar an eolas faoin dul chun cinn nua atá déanta i dteicneolaíochtaí glasa, go háirithe tomhaltóirí ar féidir leo a soláthraí fuinnimh a athrú agus an t-aistriú fuinnimh agus todhchaí níos glaise a chur chun cinn.

Cuireadh go mór le poiblíocht an togra nuair a tháinig criú teilifíse chun agallamh a chur ar bhaill an togra. Chuir Lancelot, ionadaí cainéal teilifíse na n-oileán, agallamh ar roinnt de bhaill an togra don stáisiún teilifís áitiúil sa Spáinn. Is féidir agallamh togra REACT a fheiceáil anois ar chainéal digiteach Lancelot.

Cad a rinne an ócáid níos fearr ná go raibh an stáisiún raidió áitiúil, Cadena SER, ag cur baill den togra faoi agallamh an lá dár gcionn. Seo an nasc chuig an agallamh sin.

Ní mór dúinn buíochas a ghabháil lenár n-óstóirí ó AIELPA, Victor Sanchez agus Kurt Engel as an ócáid sráide seo a eagrú agus an spéis a chruthaigh sé. Chomh maith leis sin ba mhaith linn ár mbuíochas speisialta a ghabháil go dtí Josep Mitats agus Alexander Fleitas ó Veolia as an obair atá déanta ach mar chomhordaitheoirí ar an togra seo.

Anois táimid ag tnúth leis an gcéad chéim eile den togra a bhfuil sé i gceist againn teagmháil a dhéanamh leis na húsáideoirí agus chun cur le tuiscint an phobail maidir leis an dtimpeallacht.

Archives