Scríofa ag Andrew Barney agus Heracles Polatidis ó Ollscoil Uppsala.
Caithfidh daoine go laethúil roghanna a dhéanamh. Go leor, go leor roghanna. Tá an méid sin roghanna go bhfuil cuid cinntí laethúla a dhéanamh ag daoine go comhfhiosach. Tá cuid roghanna fánach go maith cosúil le; cén péire stocaí ba chóir dom a chaitheamh? Go cinntí a athróidh do shaol cosúil le; ar cheart dom mo phost a fhágáil. Bíonn na roghanna seo bunaithe ar an rud is fearr don duine, bíonn na daoine ag smaoineamh gurb é seo an cinneadh is fearr dóibh féin.
An bhfuil daoine ar an eolas ina iomlán faoina gcuid roghanna féin? In a lán cásanna is dócha go bhfuil an freagra dearfach. Piocfaidh duine amach stocaí gorm toisc gur b’fhearr leo stocaí gorm ná stocaí dearg. Ach cad a tharlóidh má tá roghanna iomaíoch i gceist leis na roghanna a dhéanann tú, cosúil leis an mórchuid. B’fhearr leo stocaí gorma, ach teastaíonn stocaí olann agus stocaí níos teo uathu a d’oirfeadh go maith freisin. Cé go bhfuil na stocaí gorma deas, ní olann iad ná níl siad oiriúnach dóibh. Tá na stocaí dearga, in ainneoin nach bhfuil siad gorm. An mbeidh jab ag an duine seo cinneadh a dhéanamh péire stocaí a roghnú?
Ní dócha é! Ní bhíonn aon fadhb ag daoine cuid cinntí a dhéanamh, déanann siad suas a aigne tapaigh go leor. Go minic ní bhíonn aon chabhair ag teastáil ó dhaoine lena aigne a dhéanamh suas, ach cad a tharlaíonn má tá rudaí ag éirí casta? Nuair a bhíonn go leor roghanna éagsúla ann agus go leor crítéar éagsúla i gceist, agus iomaíoch, chun na roghanna seo a mheas? Mar shampla carr a roghnú? Nó teach?
Bíonn cinntí le déanamh ag Rialtais chomh maith ar mhaithe an daonra. Conas a dhéanann siad amach cá dtagann a roghanna i dtír? Bíonn cúpla cor sa scéal, go leor cúiseanna a dhéanann an scéal casta, agus bíonn tionchar aige seo ar an cinneadh deiridh. Bíonn ar an Rialtas na haon rud a mheas agus an cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na fíricí os a gcomhair amach ar mhaithe le leis na ndaoine. Cinnte níl sé chomh soiléir le péire stocaí a phiocadh amach!
B’fhéidir gur fearr na deacrachtaí seo a thuiscint trí shampla a thabhairt, abair go bhfuil an Rialtas ag pleanáil aonad díshalannú a thógáil. Tugtar liosta dóibh de leath dhosaen suímh agus beidh orthu ceann a roghnú. Beidh tionchar éagsúla ag gach suíomh ó thaobh cúrsaí timpeallachta, costais tógála, costais leanúnach an aonad, riachtanais teicniúla éagsúla agus an tionchar shóisialta. Ceapann an Rialtas go bhfuil fhios acu an áit ceart don aonad ach bíonn aighneachtaí ag grúpaí comhshaoil a bhraitheann go bhfuil fadhb leis an suíomh áirithe sin agus mar thoradh bogann an Rialtas go dtí suíomh eile. Ach bíonn aighneachtaí ag úinéirí gnó leis an dara suíomh. Bogann an Rialtas ar aghaidh go dtí an triú suíomh ach bíonn aighneachtaí ag grúpa eile leis an áit sin, agus tagann sé go dtí an pointe ná bíonn aon suíomh oiriúnach!
Cad ba cheart don Rialtas a dhéanamh? An gceart stop a chu leis an togra in ainneoin an ghá? Conas ba chor dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le cá háit a gcuirfidh siad an aonad? An bhfuil na haighneachtaí go léir chomh tábhachtach lena chéile? Is léir go mbíonn rudaí casta nuair a bhaineann sé le cúrsaí timpeallachta agus cúrsaí fuinnimh. Tá sé deacair fáire amach don gcritéir agus na roghanna éagsúla a bhíonn i gceist. Cad a dhéanann an Rialtas?
Ar ámharaí an tsaoil, tá modhanna ann chun cabhrú leis an Rialtas na cinntí seo a dhéanamh nuair a bhíonn siad ag tabhairt aghaidh ar go leor critéir éagsúil. Glaonn siad Cúnaimh Cinneadh Ilchritéar (MCDA) orthu! Cé go bhfuil difríochtaí idir a gcur chuige sonrach, tugann na modhanna seo bealach d’úsáideoirí aghaidh a thabhairt ar chinntí casta, ilghnéitheacha ar bhealach córasach. Agus é curtha i bhfeidhm ar an sampla thuas, is féidir le MCDA ligean don chinnteoir na roghanna éagsúla atá ag geallsealbhóirí maidir le critéir éagsúla a mheas agus ar deireadh thiar a sholáthar, ag brath ar an modh a úsáidtear, an rogha is fearr a dhéanamh chun an t-aonad díshalannú a thógáil.
Tosaíonn próiseas MCDA le cinneadh a shainaithint a chaithfear a dhéanamh, sa chás seo cá háit an t-aonad a chur. Nuair a bheidh an cinneadh atá le déanamh aitheanta, is féidir na roghanna eile atá ar fáil, mar aon lena n-iarmhairtí, a fháil. Sa chás thuas, is é a bheadh anseo liostú na suímh féideartha don t-aonad agus a dtionchair faoi seach. Tar éis iad sin a aithint, is gá na critéir atá le húsáid agus na roghanna malartacha á gcur i gcomparáid a aithint freisin. Is é ár gcás féin go bhféadfaí na critéir seo a leanas a úsáid, i measc nithe eile: cé mhéad damáiste timpeallachta a dhéanann tógáil agus oibriú an t-aonad, cé chomh cóngarach agus atá an suíomh do shuímh turasóireachta agus cé chomh fada agus atá an suíomh ó na thomhaltóirí deiridh. Teastaíonn ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha ó na céimeanna leanúnacha go léir, nach mór a aithint agus a fhostú freisin. Déarfaimid gurb iad grúpaí comhshaoil, úinéirí gnó agus an Rialtas áitiúil na príomhpháirtithe leasmhara. Nuair atá gach rud i bhfeidhm, is féidir na roghanna malartacha éagsúla a mheas de réir chritéir an chinnteora nó na ndéantóirí trí mhodh MCDA a úsáid chun an rogha is fearr atá ar fáil, nó rangú de na roghanna, a aithint.
Mar sin, i bhfianaise a bhfuil againn thuas, tá a fhios againn go bhfuil sé shuíomh fhéideartha againn, agus táimid á meas ag baint úsáide as trí chritéar éagsúla ar thug trí gheallsealbhóir dhifriúla meáchain tosaíochta difriúla dóibh. Ag baint úsáide as modh MCDA, beimid in ann é seo go léir a chur le chéile chun bealach chun tosaigh a mholadh!
Laistigh de thogra taighde agus nuálaíochta REACT EU Horizon 2020, úsáidtear MCDA chuige seo go díreach. Gintear cásanna fuinnimh amach anseo lena n-áirítear teicneolaíochtaí táirgeachta agus stórála, mar shampla painéil gréine PV agus ceallraí, go sainráite do thrí oileán san AE. Chomh luath agus a ghintear na cásanna déantar iad a mheas trí chritéir éagsúla timpeallachta, theicniúla, eacnamaíocha agus shóisialta a úsáid chun rangú a ghiniúint do na cásanna is féidir a úsáid chun bonn eolais a chur faoin rogha cén córas fuinnimh ba chóir a thógáil ar gach oileán.