REACT & Pobal Inis Mór

Táimid sa dara bliain den togra REACT agus tá pobal Inis Mór ag súil go leanfaidh an dea-obair ar aghaidh. In ainneoin drochthionchar an víris Covid-19, tá na páirtnéirí go léir ag obair go dícheallach chun an togra a chur chun cinn an oiread agus is féidir.

Is é an chéad suiteáil ar an oileán ná na monatóirí sonraí fuinnimh, atá le déanamh ag ESBN. Tá na dátaí suiteála fós le haontú. Déanfaidh na monatóirí seo sonraí úsáide fuinnimh a uaslódáil chuig ardán scamall-bhunaithe REACT, a sholáthróidh sonraí fuinnimh agus faisnéis luachmhar dúinn maidir le húsáid fuinnimh sula suiteálfar aon fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.

Is iad painéil ghréine PV agus cúltaca ceallraí na teicneolaíochtaí roghnaithe le suiteáil ar an oileán agus roghnaíodh ceithre fhoirgneamh pobail le suiteáil. Saincheist mhór atá againn faoi láthair ná go dteastaíonn cead pleanála uainn le haghaidh na bpainéal gréine seo. Is ceantar speisialta caomhnaithe é Inis Mór agus dá bhrí sin teastaíonn cead pleanála ón Údarás Pleanála Áitiúil le haghaidh aon athruithe ar fhoirgnimh. Tá Innealtóir Comhairleach ceaptha againn chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ar ár son agus faoi láthair, tá sé ag obair go gníomhach ar an iarratas.

Tá Mitsubishi ag obair freisin ar chomhéadan MelCloud, a ligfidh do rannpháirtithe monatóireacht a dhéanamh ar a n-ídiú fuinnimh agus dá réir sin beidh feidhmeanna rialaithe coigilte fuinnimh acu.

Glacann pobal oileán Inis Mór agus na rannpháirtithe roghnaithe go mór leis an togra REACT. Bhí an pobal seo nuálaíoch agus ina cheannaire ar athrú a bhainistiú agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna an oileáin – ba é oileán Inis Mór an chéad phobal oileánda sa tír ar fad a bhunaigh aonad aisghabhála dramhaíola agus athchúrsála. D’athraigh an tionscnamh seo go hiomlán an chaoi ar dhéileáil agus ar bhreathnaigh an pobal ar dhramhaíl agus ar athchúrsáil agus bhí tionchar díreach aige ar thírdhreach agus ar thimpeallacht na n-oileán.

Breathnaíonn pobal Inis Mór / Árann orthu féin mar phobal comhshaoil agus pobal atá feasach ar fhuinneamh.

Tacaíonn pobal an oileáin leis an togra seo agus tá siad ag súil leis an gcéad chéim eile den togra.

Scríofa ag: Údarás na Gaeltachta 

Archives