Skip to content
REACT 2020
  • Cad é REACT?
  • Tionchar
  • Teicneolaíocht
  • Páirtnéirí
    • Páirtnéirí
    • EU Synergies
  • Tograí píolótacha
  • Nuacht & Na Meáin
  • Foilseacháin & Torthaí
    • Spriocanna an Togra
    • Ailt & Páipéir
    • Ábhair chumarsáide
  • Teagmháil
  • Gaeilge
    • English
    • Español
    • Italiano

Méadú agus Macasamhlú ar Réiteach REACT d’Oileáin atá Níos Mó

  • April 14, 2021

Le slám blianta anois tá dícharbónú ar leictreachas ina ceist thábhachtach do thodhchaí chríocha na n-oileán. Chuige sin caithfidh oileáin a gcórais fuinnimh a athrú chun teorainn a chur le hathrú aeráide agus déileáil leis an mbaol ó thaobh ganntanas breoslaí iontaise. Ar an bhfáth seo, tá go leor tionscadal ar bun ar fud an domhain le nach mbeidh na críocha seo ag brath ar bhreoslaí iontaise níos mó. Léiríonn samplaí cáiliúla ar nós El Hierro nó Samsø gur féidir é seo a bhaint amach.

Oileán Samsø

Deacracht le Méadú

Ó tharla na tionscadail seo a bheith ar bun ar oileáin le daonra de chúpla míle áitritheoir, ní ionann na deacrachtaí teicniúla agus eacnamaíochta a bhíonn le sárú acusan agus a bhíonn ag oileáin ina mbíonn daonraí de na céadta mílte áitritheoir. Chomh maith leis sin bíonn dlúthcheangal ag na dúshláin theicniúla seo leis na foinsí fuinneamh in-athnuaite a bhíonn ar fáil i ngach oileán agus na riachtanais ídithe ar leith a bhíonn acu ó thaobh na haeráide agus a ngníomhaíochtaí socheacnamaíocha. Ciallaíonn aistriú chuig córas difríocht fuinnimh go gcaithfear múnlaí nua gnó a leagan amach agus fiú go mbeadh gníomhaithe nua eacnamaíochta comhtháite leo agus teacht chun cinn creat oibre rialála.

Ó oileán amháin go hoileán eile, faoina cúinsí seo, bheadh éagsúlacht sa mhacasamhlú ar thorthaí an tionscadail, rud a chiallaíonn nach mbeadh sé córasach. Dá bhrí sin theastódh plean ina leagfaí amach an réiteach teicniúil, eacnamaíochta agus rialála ab fheiliúnaí do chaon chríoch.

Réiteach an Togra REACT

Taobh istigh de chreat thogra REACT tá réiteach leagtha amach do thrí oileán phíolótacha le 100% dá gcuid leictreachais a dhéanamh as foinsí in-athnuaite, ag úsáid ardán TFC néalbhunaithe, táirgeadh díláraithe, gléasanna stórála agus bainistiú an éilimh. Beidh an réiteach seo á thástáil agus á dheimhniú sna críocha seo. Tá sé bunaithe, tríd is tríd, ar ardán ina ndéanfaí optamú ar sholáthar fuinneamh iliompróra agus ar éileamh iomlánaíoch comhoibritheach trí straitéis uathoibrithe agus láimhe.

Toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil ar roinnt foinsí fuinnimh in-athnuaite tá sé ríthábhachtach go mbeadh cothromas idir táirgeadh agus ídiú le seasmhacht eangaí a chinntiú. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh le gléasanna stórála fuinnimh ach freisin trí fhreagairt don éileamh. I gcás freagairt don éileamh is amhlaidh a laghdaítear an móréileamh trí dheireadh a chur le húsáid leictreachais nó é a bhogadh go hamanna le níos lú éilimh.

Cuirfidh an leigheas atá leagtha amach i dtogra REACT straitéis uathoibrithe ar fáil do rialú optamaithe ar ghnátháiseanna mar aon le straitéis láimhe le haghaidh idirghabhálacha láimhe na dtomhaltóirí deiridh. Léireofar é i bpobail bheaga ina mbeidh malairt fuinnimh optamaithe á dhéanamh idir bloic foirgneamh/tithe nó ceantair.

Plean maidir le Méadú agus Macasamhlú

Breathnaíonn sé go bhféadfaí seachadadh fuinnimh ag an scála seo a bhainistiú ach ní gá go mbeadh sé sin soiléir i gcás pobail níos mó. Sin é an fáth go gcuideoidh na hoileáin atá níos mó, ar a dtugtar «na hoileáin leantacha» i dtogra REACT: Oileán Gotland, Lesbos Prefecture, Inis Iocht, Oileán Majorca agus Oileán Reunion, le leagan amach an phlean macasamhlaithe maidir le teacht timpeall ar an méadú de réir scála. Scrúdófar é seo trí ionsamhlú. Áireofar modheolaíocht ann freisin d’anailís agus calabrú na straitéise maidir leis an rialú ab fhearr agus an fhreagairt ar éileamh. I gcás méadú de réir scála, bheadh an glacadh a bheadh ag na tomhaltóirí leis agus an comhordú ar straitéis fhreagartha uathoibrithe agus láimhe don fhreagairt ar éileamh ina ndúshláin shuntasacha. Ar deireadh, is cúnamh iad líon éagsúil na ndaonraí, na leibhéil ídithe fuinnimh agus aeráidí chun léargas a fháil ar bhuntáistí an leighis atá curtha chun cinn ag REACT.

Oileán Reunion (Príomhchathair)

Mar chríoch ba cheart go n-éascódh macasamhlú an leighis atá ag REACT úsáid agus comhtháthú ar fhuinneamh in-athnuaite uaineach, ar nós fuinneamh na gréine agus na gaoithe, mar gurb iad na príomhfhoinsí fuinneamh in-athnuaite fós iad i bhformhór na gcríoch oileánda. Ag deireadh an lae d’fhéadfadh deis a bheith ag tomhaltóirí a gcostas fuinnimh a laghdú, a dtionchar timpeallachta agus a mbuiséad a fheabhsú agus go mbeadh buntáiste ann freisin d’oibreoirí an eangaí ó thaobh breis solúbthachta agus seasmhacht níos fearr san eangach.

Recent Posts
  • REACT ag Sustainable Places 2023
  • REACT AR AR Bord Macasamhlaithe Oileáin an AE
  • 9ú ComhThionól Ginearálta i Lesvos
  • REACT – 2ú Ceardlann de chuid REACT
  • Tugann REACT cuairt ar an mBrasaíl
Archives
Categories
  • Demand Response
  • Energy Storage
  • General Assembly
  • La Graciosa
  • PÍOLÓTACHA
  • Post Category
  • REACT
  • Renewable Energy Sources
  • Replicability
  • San Pietro
  • Sustainability
  • Uncategorized @ga
  • Webinar
PrevPreviousCórais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa
NextFoinsí Fuinnimh Inbhuanaithe agus In-athnuaiteNext
Twitter Linkedin Youtube

CLÁRAIGH DÁR NUACHTLITIR!

Fuair an togra seo maoiniú ó chlár Horizon 2020 An Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Deontais Uimh. 824395.

Téarmaí agus coinníollacha | Polasaí príobháideachais | Poileasaidh briosgaidean

Cookies
Bidh sinn a ’toirt seachad briosgaidean. Ma tha thu den bheachd gu bheil sin ceart gu leòr, dìreach cliog "Gabhail ris a h-uile càil". Faodaidh tu cuideachd taghadh dè an seòrsa briosgaidean a tha thu ag iarraidh le bhith a ’briogadh“ Settings ”. Read our cookie policy
Roghainnean Diùlt na h-uile Gabhail ris a h-uile càil
Cookies
Choose what kind of cookies to accept. Your choice will be saved for one year. Read our cookie policy
  • Necessary
    These cookies are not optional. They are needed for the website to function.
  • Statistics
    In order for us to improve the website's functionality and structure, based on how the website is used.
  • Experience
    In order for our website to perform as well as possible during your visit. If you refuse these cookies, some functionality will disappear from the website.
  • Marketing
    By sharing your interests and behavior as you visit our site, you increase the chance of seeing personalized content and offers.
Save Diùlt na h-uile Gabhail ris a h-uile càil