Foinsí Fuinnimh Inbhuanaithe agus In-athnuaite

Dias Haralambopoulos, C. Karagianni, D. Schaelicke

An Roinn Comhshaoil

An Ollscoil Aigéach

Tá 17 Sprioc na Forbartha Inbhuanaithe, ar ghlac Ballstáit uilig na Náisiún Aontaithe leo i 2015, mar chuid lárnach de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, glaoch práinneach ar ghníomhaíocht óna tíortha uilig mar chomhpháirtíocht dhomhanda (1). Baineann trí cinn de Spriocanna na Forbartha Inbhuanaithe, go díreach nó go hindíreach, le táirgeacht agus úsáid fuinnimh, sé sin, Uimh. 7– Fuinneamh Inacmhainne agus Glan, Uimh. 11 – Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe agus Uimh. 13 – Gníomhú ar son na hAeráide (Léaráid 1).

Léaráid 1. Na Spriocanna Forbartha Fuinnimh a bhaineann le fuinneamh

Trí chomhpháirtíochtaí áitiúla agus domhanda cruthaíonn fuinneamh ceangal ar bhealaí éagsúla idir daoine a théann taobh amuigh de líonraí leictreachais agus gás nádúrtha. Trí ghné áitiúil na sruthanna fuinneamh in-athnuaite soláthraítear deis cur leis na ceangail seo ar leibhéal pobail trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí do tháirgeadh agus úsáid fuinnimh ar mhaithe le méadú na hinbhuanaitheachta agus le treochtaí athrú aeráide a chur ar mhalairt treo. Idir na pobail fhuinnimh agus an t-athrú ar phatrúin úsáide fuinnimh laghdaítear an gá a bhíonn le gléasra nua fuinnimh agus tugtar deis do dhaoine a bheith ina dtáirgeoirí fuinnimh agus ag an am céanna bearta um éifeachtacht fuinnimh a chur chun cinn.

Cuimsíonn fuinneamh in-athnuaite foinsí fuinnimh a bhíonn á n-athsholáthar go leanúnach sa nádúr, sé sin, sruthanna fuinnimh a thagann ón ngrian, ón ngaoth, ón uisce, ó theas an domhain agus ó bhithmhais na bplandaí. Áiríonn sé freisin an fuinneamh ó dhramhaíl sholadach agus leachtach.

Sa lá atá inniu ann níl sé inmharthana a bheith ag brath ar bhreoslaí iontaise le cumhacht agus teas a chur ar fáil inár dtithe agus le breosla a chur ar fáil d’iompar. Tá tréimhse ama ionchasach teoranta ag breoslaí iontaise agus trína ndó truaillíonn muid an timpeallacht le truailleáin aeir – báisteach aigéadach ó dhé-ocsaíd sulfair agus ocsaídí nítrigine – agus seoltar gáis cheaptha teasa suas san atmaisféar agus sáinníonn siad seo teas na gréine agus bíonn mar chúis le téamh domhanda. Aontaíonn eolaithe aeráide go bhfuil ardú tagtha ar mheánteocht an Domhain agus má leanann sé seo ar aghaidh go leáfaidh an t-oighear ag na poil, go n-ardóidh leibhéal na farraige agus go mbeidh drochaimsir cheart ann níos minice, ar nós tuillte, tonnta teasa agus triomach.

Tá sé riachtanach mar sin a theacht ar bhealaí eile san idirthréimhse lenár gcórais fuinnimh a athrú go córais bunaithe ar theicneolaíochtaí fuinneamh in-athnuaite ina n-áireofaí áiseanna stórála agus a ligfeadh do theicneolaíochtaí TFC breathnú amach do na difríochtaí ama idir táirgeadh stocastach Córais Fuinneamh In-athnuaite agus luaineacht san éileamh.

Leis na teicneolaíochtaí cuí athraítear na breoslaí seo go leictreachas, teas, ceimicí.

Léaráid 2.  An Sáreangach don Eoraip agus d’áiteanna níos faide ó bhaile

Léaráid 2. An Sáreangach don Eoraip agus d’áiteanna níos faide ó bhaile Trí sháreangacha d’fhéadfaí tacú le hathrú fuinnimh sa domhan ach déileáil le luaineacht áitiúil fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine (Léaráid 2). Sa gcomhthéacs seo feictear iad mar phríomhtheicneolaíocht maidir le laghdú ar theas domhanda.

Tá plé gearr ar roinnt teicneolaíochtaí in-athnuaite anseo thíos (Léaráid 3).

Teicneolaíochtaí Fuinneamh In-athnuaite

  1. (i) Úsáideann teicneolaíochtaí gréine an fuinneamh ón ngrian le teas, solas agus cumhacht a dhéanamh. Is teicneolaíochtaí coitianta agus fadbhunaithe iad na coincheapa maidir le húsáid na gréine do théamh uisce agus do dhearadh éighníomhach gréine dár bhfoirgnimh agus in éindí le bearta um chaomhnú agus éifeachtacht fuinnimh tá siad in ann lorg fuinnimh i bhfoirgnimh a laghdú. Tá teicneolaíocht fhótavoltach a chuirtear i bhfoirgnimh nó i spásanna pobail in ann an méid leictreachais a theastódh do riachtanais daoine aonair agus/nó do sholáthar san eangach a chur ar fáil. Tá ceallraí in ann an leictreachas de bhreis a bhíonn sa gcóras a stóráil le go mbeidh sé ar fáil ag amanna cuí nuair a bhíonn éileamh mór air. Tá teicneolaíochtaí TFC in ann breathnú amach don aga moille idir soláthar agus éileamh, ag comhordú agus ag rialú na sruthanna fuinnimh, agus ag cumarsáid le húsáideoirí chun go mbogfaí i dtreo dearcthaí níos freagraí ó thaobh fuinnimh agus athrú ar éileamh agus laghdú sna hualaí. Trí ghlanmhéadrú ní chaitheann custaiméirí íoc ach as a nglanleictreachas, sé sin, an méid cumhachta a ídítear lúide an chumhacht a ghineann a gcóras fótavoltach.
  2. (ii) Sa lá atá inniu ann tá feidhm leathan á bhaint as fuinneamh gaoithe, ar tír agus amach ón gcósta, agus tá níos mó agus níos mó leictreachas á ghiniúint ag tuirbíní gaoithe móra agus beaga, rud a thugann deis d’eangacha a mbrath ar bhreosla iontaise a laghdú. Tá sé riachtanach go mbeifí cúramach faoin dearadh, méid agus láithreánú chun an brú ar thimpeallacht sobhriste fhisiceach agus aeistéitiúil na n-oileán a sheachaint.
  3. (iii) Bogann teaschaidéil geoiteirmeacha teas idir tithe agus an talamh. Úsáideann siad an teocht measartha seasmhach sa talamh éadomhain le foirgnimh a théamh sa ngeimhreadh agus chun iad a choinneáil fuar i míonna te an tsamhraidh. Baintear feidhm as teicneolaíochtaí seanbhunaithe cosúil leis an mbealach a n-úsáideann cuisneoir leictreachas lena thaobh istigh a choinneáil fuar agus an teas a scaipeadh ina thimpeallacht. I gcás táirgeadh ar leictreachas geoiteirmeach úsáidtear taiscumair ardeantalpachta go domhain i screamh an domhain le huisce te agus/nó gal a tharraingt as toibreacha le tuirbíní gail a thiomáint do dhéanamh cumhachta trí ghineadóirí leictreacha. Mar go scaoiltear ar ais an t-uisce geoiteirmeach sa taiscumar bíonn ciorcad fuinnimh neamhurchóideach don timpeallacht agat.
  4. (iv) Faightear fuinneamh bithmhaise as ábhar orgánach plandaí agus/nó dramhaíola. Tá an cumas aige an-lear leictreachais a ghiniúint, oibríonn i leaba gual agus faigheann réidh le brú timpeallachta. Tá lorg carbóin náid aige freisin ó tharla go mbíonn an méid CO2 a scaoiltear amach san atmaisféar gafa roimhe sin trí fhótaisintéis. Cruthaítear meatán as lobhadh bithmhaise i líonadh talún agus is féidir é seo a dhó chun gal a dhéanamh do ghiniúint leictreachais. Is féidir freisin bithmhais a athrú go bithbhreosla ar an toirt agus é a úsáid d’iompar agus giniúint leictreachais in áit breoslaí iontaise. Gnáthshampla de seo is ea eatánól, alcól a chruthaítear as coipeadh bithmhaise atá ard i gcarbaihiodráití. Úsáidtear eatánól mar bhreiseán gásailín chun cloí le caighdeáin cáilíochta aeir i gceantair uirbeacha. Sa gcaoi chéanna d’fhéadfaí bithdhíosal déanta as sail glasraí agus ainmhithe a úsáid mar bhreosla d’fheithiclí agus astaíochtaí a laghdú.
  5. (v) Is foinse fuinnimh in-athnuaite seanbhunaithe é hidreachumhacht atá á úsáid ar fud an domhain in áit ar bith ina mbíonn sruth uisce, thuas sna sléibhte agus/nó in aibhneacha. Úsáidtear hidreathuirbín agus gineadóir leictreach le fuinneamh cinéiteach an uisce a athrú go leictreachas, bíonn hidreathuirbíní i méideanna difríocht agus de chineálacha difríocht ann ag brath ar an hidreachumhacht atá ar fáil. Trí úsáid a bhaint as dhá thaiscumar, nuair is indéanta sin, bítear ábalta trí hidreachumhacht an leictreachas a stóráil go hindíreach ach uisce a phumpáil chuig an taiscumar uachtarach i dtréimhsí ina mbíonn an t-éileamh íseal, agus an t-uisce a scaoileadh chuig an taiscumar íochtarach le leictreachas a dhéanamh nuair a theastaíonn cumhacht.
  6. (vi) Trí fheistí meicniúla is féidir leictreachas a dhéanamh freisin as fuinneamh tonnta agus taoille agus tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta anuas maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite seo. Teastaíonn coinníollacha fabhracha agus dinimic scála dóibh seo le bheith brabúsach agus feileann siad go maith d’eangacha oileán amach ó líonraí mórthíre. Le fuinneamh taoille a athrú go leictreachas teastaíonn damba a fhórsálfaidh an t-uisce trína hidreathuirbíní leis an ngineadóir leictreach a chur ag obair.

Léaráid 3.  Teicneolaíochtaí Fuinneamh In-athnuaite

Amach as na Córais Fuinneamh In-athuaite atá scaipthe sa timpeallacht táthar i bhfabhar glacadh le tionscnaimh pobalbhunaithe le tairbhe a bhaint as an acmhainn.n Is féidir le pobail fhuinnimh tacú le feidhmiú gan dua an eangaí oileánda trí pháirceanna Córais Fuinneamh In-athnuaite, trí úsáid tuirbíní gaoithe, painéil fhótavoltacha, hidreachumhacht, teaschaidéil geoiteirmeacha chomh maith le córais ceallraí srl rud a chothaíonn mothú dlúthchaidrimh agus comhtharraingt sóisialta agus ag an am céanna a thacaíonn le heacnamaíocht bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar nuálaíocht in earnáil fuinnimh na n-oileán (2,3).

Is togra Eorpach iad REACT a dhéileálann leis na ceisteanna thuasluaite uilig do phobail na n-oileán Eorpach agus tá breiseán suntasach curtha leis, i bhfoirm comhordú agus feidhmiú TFC ó thaobh freagairt don éileamh agus soláthar, maidir le tuar, rialú agus bainistiú ar an eangach oileánda (4). Cruthaíonn sé nuálaíocht sa mbealach a n-úsáidtear agus a gcomhordaítear teicneolaíochtaí Córais Fuinneamh In-athnuaite san eangach oileánda agus tacaíonn le agus cothaíonn leibhéal tuisceana faoin tábhacht atá le haistriú go fuinneamh dícharbónaithe don todhchaí i bpáirt le daoine ag an leibhéal áitiúil.

Tá trí oileán sa gclár píolótach agus teicneolaíochtaí Córais Fuinneamh In-athnuaite á bhfeidhmiú iontu ach i gcás na gcúig oileán ina dhiaidh seo beidh bonn foghlama níos leithne á sholáthar, ag aistriú saineolas agus taithí ag leibhéal teicniúil agus sóisialta chuig na pobail oileánda uilig.

Tagairtí

  1. Roinn Gnóthaí Eacnamaíochta agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe, Transforming our World: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, 2015. https://sdgs.un.org/2030agenda.
  2. Pobail Fhuinnimh. https://enercommunities.eu/
  3. Mulgan Geoff, ‘The Art of Public Strategy’, 2009
  4. REACT, https://react2020.eu/
Archives