Córais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa

I láthair na huaire tá teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine á n-úsáid le fuinneamh na gréine a athrú go fuinneamh leictreach. Is trí phainéil ghréine a ghintear an fuinneamh sa gcás seo.

Tá níos mó tóir ná bhíodh ar a bheith ag baint buntáiste as fuinneamh na gréine ó tharla go bhfuiltear ag bogadh i dtreo córais fuinneamh glas in áit dúshaothrú ar acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite ar nós gual nó ola.

Painéil ghréine i La Graciosa

Buntáistí na Féinúsáide

Stóráiltear i gceallraí an fuinneamh a ghintear as córais fuinneamh in-athnuaite nach n-ídítear láithreach nó scaoiltear isteach san eangach leictreachais é. Tugann na córais seo deis freisin d’úsáideoirí a gcuid fuinneamh leictreach féin a ghiniúint dá dtithe nó áitribh.

Tá sé furasta go leor, ar an iomlán, na háiseanna féinúsáide a thuiscint agus a úsáid. Is é an réiteach a thairg an togra REACT do La Graciosa ná painéil fhótavoltacha a cheangal le gléasanna leictreonacha an úsáideora agus a ngréasán inmheánach leis an tslándáil leictreach. Sa gcaoi seo tá an duine féin in ann an fearas a rialú nó d’fhéadfaí é a rialú ó chian.

Córais fuinneamh in-athnuaite a chur Isteach

Teastaíonn an fearas seo a leanas do chur isteach na gcóras:

  • I dtosach báire na painéil fhótavoltacha (PF) a chuirtear ar an díon nó ar aon dromchla feiliúnach. Tógann siad seo isteach fuinneamh na gréine agus athraíonn é go fuinneamh leictreach.
  • Ansin teastaíonn inbhéartóir, sin é an gléas a athraíonn an fuinneamh seo go fuinneamh atá réitithe le  n-úsáid, tríd an sruth díreach a iompú ina shruth ailtéarnach.
  • Ina dhiaidh sin tá na ceallraí, áit a stóráiltear an fuinneamh a gineadh agus nár úsáideadh, le go mbeidh fáil  níos deireanaí air, mar shampla, san oíche nuair nach mbíonn na painéil ag giniúint aon fhuinneamh nua.
  • Ar deireadh tá an córas monatóireachta a chuireann an t-eolas faoin bhfearas agus faoin nginiúint fuinnimh chuig an ionad rialaithe. Seiceáiltear san ionad go bhfuil chuile rud ag obair mar is cóir.

Buntáistí

Ar an gcéad dul síos má ghineann agus má bhainistíonn tú do chuid fuinneamh féin d’fhéadfá do chuid ídiú fuinnimh agus billí leictreacha a laghdú go mór. I bhfocla eile, má tá córas stórála fuinnimh ag an úsáideoir, féadfar fuinneamh atá stóráilte a úsáid san oíche, tráth nach mbíonn na painéil fhótavoltacha ag giniúint breis fuinnimh, rud a fhágann billí fuinnimh níos ísle.

I ndeireadh na dála, méadófar éifeachtacht fuinnimh trína gléasanna féinúsáide seo a chur isteach rud a thabharfaidh luach margaidh níos airde don teach/áitreabh.

Níos iontaí ná sin, tá buntáistí eacnamaíochta agus comhshaoil sna córais fuinneamh in-athnuaite seo don tsochaí. Sin mar go n-íslítear an costas a bhaineann le héileamh fuinnimh de bharr go seachnaítear iompar fuinnimh trína céadta ciliméadar de cháblaí. Laghdaíonn sé seo caillteanais chuig na gréasáin tarchurtha agus dáileacháin.

Agus rud atá fíorthábhachtach, tugann sé seo aire níos fearr don timpeallacht. De bharr an chineáil seo féinsholáthair laghdaítear gáis cheaptha teasa rud a fheabhsaíonn caighdeán an aeir. In éineacht leis sin tarlaíonn laghdú de thonna amháin CO2 sa mbliain do chuile chileavata a ghintear, rud a dheileálann le hathrú aeráide. Agus anuas air sin uilig chruthódh sé fostaíocht áitiúil, díreach agus cháilithe. Agus neartódh sé iomaíocht cuideachtaí.

Togra píolótach REACT i La Graciosa, Na hOileáin Chanáracha, An Spáinn.

Gríosaítear REACT trína spriocanna seo agus oibríonn siad chun tacú leis na hoileáin phíolótacha a neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach, sin le rá go mbeidís in ann breathnú amach dóibh féin ó thaobh soláthar cumhachta de.

Chuige seo moltar faoin togra go mbunófaí pobail áitiúla fuinnimh a ghineadh agus a bhainisteodh a gcuid fuinneamh leictreach féin.

Ar an bhfáth sin, ag togra píolótach La Graciosa tá sé i gceist thart ar 20 de na córais seo a chur isteach rud a chiallódh go nginfí timpeall 60 cileavata ó theas na gréine, sin thart ar 5% d’éileamh an oileáin. Roghnaíodh an t-oileán seo ‘La Graciosa’ don togra píolótach mar gheall ar a shuíomh, áit a mbíonn go leor uaireanta radaíochta gréine ann in aghaidh na bliana, buntáiste gan dabht agus féinúsáid fótavoltach á mholadh don oileán.

Go sonrach, tá an togra ag tairiscint córas fuinnimh in-athnuaite saor in aisce a chur isteach do rannpháirtithe an togra! Go príomha is painéil fhótavoltacha ceangailte le ceallraí litiam nó luaidhe atá i gceist sna córais seo. Breathnóidh REACT amach freisin do chothabháil na n-áiseanna seo fad a sheasfaidh an togra. Is togra taighde 4 bliana é a thosaigh in Eanáir 2019.

Déanfar monatóireacht ar na suiteálacha a chuirfear isteach dá staidéar fuinnimh ina dhiaidh sin. Táthar ag féachaint lena thaispeáint gur féidir féin-inbhuanaitheacht a bhaint amach le múnla fuinnimh níos eiceolaíche agus níos freagraí, rud a laghdódh costais ginte agus astaíochtaí truaillithe.

Páirteachas an Phobail

Caithfidh áitritheoirí an oileáin gníomhú le chéile mar phobal lena soláthar fuinnimh féin a bhainistiú féachaint le 100% dá soláthar fuinneamh in-athnuaite féin a bheith acu ar deireadh.

Buntáiste eile a bhaineann leis an togra REACT ná a dtoilteanas i leith bunú pobail áitiúla fuinnimh sa mheántréimhse. Tá sé an-tábhachtach go dtabharfaí eolas maidir le féinbhainistiú don phobal le linn an togra agus go mbeadh áitritheoirí an oileáin páirteach ann agus eagraithe le leanúint ar aghaidh ag cur neamhspleáchas fuinnimh ‘La Graciosa’ chun cinn sa todhchaí. Le dhul níos doimhne sa scéal tugann an téarma pobail áitiúla fuinnimh na coincheapa pobail fuinneamh in-athnuaite agus pobail fuinneamh saoránach ina chéile. Is féidir iad a shainmhíniú mar “aonáin dhlíthiúla le páirtíocht dheonach agus oscailte, a bhíonn á rialú ag scairshealbhóirí nó baill ar dhaoine iontu féin nó daoine dlíthiúla iad (ina measc: cumainn, comharchumainn, eagraíochtaí neamhbhrabúis, cuideachtaí) agus údaráis áitiúla réigiúnacha nó náisiúnta freisin”.

Cur i láthair REACT do phobal an oileáin seo in Eanáir 2020.

Is é an príomhaidhm sóisialta a bhéas anseo ná go dtairgfear buntáistí fuinnimh, as a bhfaighidh na baill agus an ceantar áitiúil ina mbeidh sé ag feidhmiú buntáistí comhshaoil, eacnamaíochta nó sóisialta as, in áit a bheith ag déanamh brabach airgid. I measc na ngníomhaíochtaí a bheadh le forbairt bheadh, i measc rudaí eile, giniúint fuinnimh as foinsí in-athnuaite agus a bheith á dháileadh, á sholáthar, á ídiú, á bhailiú agus á stóráil, ag soláthar seirbhísí éifeachtacha fuinnimh agus seirbhísí d’athluchtú feithiclí leictreacha nó seirbhísí eile fuinnimh.

Gan aon dabht cruthaítear, – trína deiseanna nua a thairgeann an t-athrú fuinnimh a bhfuileamar sáite ann, – teacht chun cinn córais nua comhoibrithe dár n-acmhainní fuinnimh a chuireann chun cinn córas níos córa, níos éifeachtaí agus níos comhoibríche. Dá bhrí sin, ofrálann pobail áitiúla fuinnimh deis faoin gcreat nua seo.

Príomhbhuntáistí na bPobal Fuinnimh

  • Cúram don phláinéad, an rud céanna le breathnú amach dár dtimpeallacht, dár spás maireachtála, do shláinte ár dteaghlaigh agus ár bpobal. Ciallaíonn sé beart a chur le briathar agus an t-athrú fuinnimh a chur i bhfeidhm chun déileáil le hathrú aeráide
  • Laghdú costais, sábháilt airgid ar ár mbillí leictreachais mar go mbeidh praghas féaráilte i gceist agus eolas níos oscailte
  • Cur chun cinn úsáid fuinneamh glas a bheadh 100% glan agus a thagann ó acmhainní nádúrtha
  • Athrú ar mhúnla a thugann deis dúinn, i gcomparáid le cuideachtaí móra, an fuinneamh a bheadh á ídiú againn a rialú, de bharr gur múnla comhoibritheach a bheadh ionainn
  • Tacaíocht ó phríomhacht na ndaoine in áit leasa airgeadais agus amhantracha. Chuirfí an buntáiste eacnamaíoch ar fad i dtreo costas fuinnimh a laghdú dóibh sin a bheadh páirteach sa bpobal fuinnimh agus d’fhorbairt shóisialta a gcomhshaol
  • Cruthú luach sóisialta, eacnamaíochta agus comhshaoil agus baint amach timpeallacht níos inbhuanaithe.

Bí Linn! Taobhaigh le REACT!

Archives