Conas is Féidir le Teaghlaigh Tairbhe a bhaint as Éileamh Freagartha Fuinnimh?

Is bealach iontach é éileamh freagartha fuinnimh chun greillí leictreachas a dhéanamh níos láidre agus níos socra, rud atá an-tábhachtach d’oileáin gheografacha. Is minic go bhféadfadh soláthar cumhachta ins na hoileáin seo a bheith míshocair, go minic titeann an córas leictreachais agus tá costais breise ag baint leis seo do mhuintir an oileáin. An bhfuil an cumas ann do theaghlaigh an greille leictreachais a dhéanamh níos iontaofa? Tá, trí úsáid a bhaint as an gcóras éileamh freagartha fuinnimh, is féidir le gach tigh cónaithe a bpáirt a ghlacadh chun an cothromú greille leictreachais seo a bhaint amach dá bpobal féin.

I bprionsabal, is é atá san éileamh freagartha fuinnimh ná go bhfuilimid ag obair leis an éileamh leictreachais atá ag teastáil, cosúil le soilsiú, teas, srl, agus iad seo a chothromú amach leis an soláthar leictreachais atá ar fáil ag an am. Spreagann an t-éileamh freagartha fuinnimh athruithe gearrthéarmacha a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidimid seirbhísí leictreachais, ionas go mbeadh sé mar a chéile leis an soláthar atá ar fáil ón ngreille ag aon am ar leith.

Cuimsíonn an togra REACT, an pobal oileánda, le héileamh freagartha fuinnimh trí theicneolaíochtaí digiteacha agus acmhainní ríomhaireachta a úsáid. Ar an mbealach seo, is féidir le teaghlaigh cabhrú lenár n-aidhm tríd an tslí a úsáideann siad a gcuid fearais tí. Tá sábháil airgid i gceist nuair a ghlacann an teaghlach am úsáide fearas tí a mhalartú go dtí am go mbeadh an leictreachas níos saoire le ceannach. Tugann teicneolaíochtaí digiteacha, agus méadair chliste a thaispeánann an chaoi a bhfuil an leictreachas á úsáid, tugann siad seo aiseolas dúinn ar fhuinneamh atá a úsáid agus is slí chliste í seo do theaghlaigh plean a dhéanamh amach ar cé chaoi is féidir an úsáid fuinnimh a laghdú nuair a bhíonn éileamh ar an leictreachas ó thaobh an ghreille ina iomlán.

Cinnteoidh REACT go mbeidh fearais tí cosúil le meaisíní níocháin nó miasniteoirí, ag teacht ar siúl nuair nach bhfuil brú ar an ngreille leictreachais, agus b’fhéidir an leictreachas a fháil ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite atá ag giniúint cumhachta ar an oileán.

Buntáistí a Bhaineann le hÉileamh Freagartha Fuinnimh.

Is féidir le héileamh freagartha fuinnimh cabhrú le pobail na n-oileán leas a bhaint as teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite tríd an leictreachas atá á ghiniúint astu a uasmhéadú (tá cuid de na foinsí fuinnimh inathnuaite ag brath ar an aimsir gan dabht). Is roghanna giniúna fuinnimh níos glaine iad seo, a chabhraíonn le laghdú na ngás ceapaithe teasa. Is féidir le héileamh freagartha fuinnimh cabhrú le fuinneamh a shábháil agus dá bhrí sin tá sábháil le baint amach ag an teaghlach, trí na fearais tí a aistriú go hamanna nuair a bhíonn praghas an leictreachais níos saoire. Is féidir é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na taraifí leictreachais a athraíonn i rith an lae -taraifí a chuireann costas an aonaid chumhachta a ghiniúint i gcomparáid leis an am don lá. Mar shampla, le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha do mheaisín níocháin a bheidh ar siúl ag a 8am in ionad 10am ar maidin, rud a chiallódh go mbeadh praghas an leictreachais níos saoire.

I REACT, rinneamar suirbhé ar na hoileáin atá ag glacadh páirt (Inis Mór Árainn, an baile Carloforte ar oileán San Pietro An Iodáil, agus La Graciosa An Spáinn) chun a fháil amach cad a spreag daoine chun páirt a ghlacadh sa togra ach go háirithe ó thaobh an ghreille chliste agus éileamh freagartha fuinnimh de. Fuaireamar amach go raibh an chuid is mó díobh siúd a ndearnadh an suirbhé orthu sásta a n-úsáid fuinnimh a athrú, trí an teocht ar na córais teasa nó fearais fuaraithe a chasadh síos nó iad a mhúchadh ar fad. Chomh maith leis sin, bhraith na daoine a ndearnadh an suirbhé orthu go raibh sé an-tábhachtach a n-úsáid fuinnimh a laghdú agus glacadh le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite, mar shampla painéil ghréine (PV). An príomhspreagadh a bhí ag na daoine ná cosaint na timpeallachta agus ar mhaithe leis an pobal áitiúil. Is dea-scéal é seo do REACT, ós rud é gurb é aidhm ár dtogra an pobal a chumasú i dtreo an ghreille chliste seo, cabhrú le pobal an oileáin neamhspleáchas fuinnimh oileánda a bhaint amach, agus ar an mbonn sin airgead a shábháil agus tionchar dearfach a bheith againn ar an timpeallacht.

Éileamh Freagartha agus do theach féin.

Tugann méadair chliste agus uirlisí dhigiteacha, faisnéis dúinn ar an leictreachas a úsáidtear sa bhaile. Cabhraíonn sé seo le muintir an tí cinntí a dhéanamh maidir le gearradh síos ar an úsáid fuinnimh. Is cinntí gearrthéarmacha iad seo, mar shampla an corás teasa nó an corás fuaraithe a chasadh síos cúpla céim ar aon lá áirithe a bheadh oirúnach.

Is féidir le coráis dhigiteacha cabhrú le réiteach fadtéarmacha. Mar shampla, na seanfhearais tí a athrú go fearais nua a bheadh an-tíosach ar fhuinneamh. Agus spéis mhéadaithe i bpainéil fhótavoltach gréine (PV), bheadh sé tairbheach leictreachas an tí a mheaitseáil leis na hamanna a mbíonn painéil ghréine ag giniúint leictreachais. Ciallaíonn sé seo gur féidir le teaghlaigh leictreachas a uasmhéadú ó na painéil PV agus an soláthar leictreachais ón ngreille a sheachaint. Gan dabht is féidir le teaghlaigh airgead a shábháil ar an mbealach seo ach chomh maith leis sin an timpeallacht a chosaint agus na gáis ceapaithe teasa a laghdú. Maidir leis an bpobal ina iomláine, ciallaíonn sé seo nach mbeidh fadhbanna leis an ngreille leictreachais agus go mbeidh an soláthar leictreachais níos cothromaithe.

Ar ndóigh, níl fearais tí saor agus caithfear na cinntí infheistíochta a thógáil san áireamh don teaghlach, lena n-áirítear buiséad agus stíl mhaireachtála an teaghlaigh. Mar sin féin, is fiú go mór é nuair a mheasann tú an éifeachtúlacht fuinnimh leis an éileamh freagartha seo. Inár suirbhé, d’fhiafraíomar de theaghlaigh cé na teicneolaíochtaí éilimh freagartha go mb’fhéidir go ndéanfaidís a insealbhú ina dtithe. Bhí roinnt tacaíochta ann do na méadair chliste, monatóirí don teach a léiríonn an úsáid fuinnimh ar scáileán, agus córais bhainistíochta fuinnimh baile a chabhraíonn le rialú agus le bainistiú fearais tí. A dhéanamh ar fearais éagsúla sa teach. Ina theannta sin, bhí an chuid is mó de na freagróirí dearfach faoi phainéil ghréine (PV).

Figiúr a 1. Foclaíocht a thaispeánann na teicneolaíochtaí greille cliste is mó éilimh i measc freagróirí suirbhé REACT.

Freagartha Éilimh agus Fearais Ghlic.

Maidir le fearais tí cliste a ghlacadh, bhí suim ag mórchuid na bhfreagróirí meaisín níocháin chliste a bheith acu, cuisneoir cliste agus caidéal teasa cliste ina dhiaidh sin. Is iad na meaisíní níocháin chliste, cosúil le fearais chliste eile, an tslí gur féidir le tithe cónaithe a bheith cliste faoin úsáid fuinnimh agus réidh le páirt a ghlacadh sa ghreille chliste seo.

Is féidir fearais tí chliste a rialú trí Wi-Fi agus aip a úsáid ar d’fhón cliste nó táibléad. Leis seo d’fhéadfadh an fearas tí oibriú go sceideal uathoibríoch, nuair a úsáideann tú iad. Mar shampla, is féidir leat an meaisín níocháin a shocrú le teacht ar siúl nuair a bhíonn leictreachas níos saoire. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le cuisneoir cliste roghanna éagsúla a thabhairt duit chun leictreachas a shábháil. Mar shampla, gan an cuisneoir cliste a bheith ar siúl an méid sin i rith na hoíche, nó fíú nuair a bhíonn tú ar saoire nach mbeadh sé ar siúl an méid chéanna.

Ní amháin go sábhálann fearais chliste airgead duit, ach cuireann siad le do shaol ar bhonn laethúil. Tá áisiúlacht ag baint le do chuid fearais tí a rialú ó do fhón nó uirlis dhigiteach eile agus gan tú ag baile fiú. Má tá fearais chliste agat atá ar aon chleachtas le greille chliste, is féidir leat páirt ghníomhach a ghlacadh le cabhair ón éileamh freagartha. Sé sin le rá, go mbeadh na huirlisí digiteacha cliste seo ag déanamh na hoibre duit agus nach mbeadh ort praghas an leictreachais a sheiceáil i gcónaí ar cathain a b’fhearr do mheaisín níocháin nó an córas teasa a úsáid. Is féidir le teicneolaíochtaí cliste cabhrú le feabhas a chur ar do shaol laethúil nuair nach bhfuil tú sa bhaile fiú nó nuair a bhíonn tú i do chodladh!

Figúir a 2. Is féidir fearais tí a rialú trí WI-FI agus úsáid a bhaint as fón póca cliste, táibléad nó ríomhaire (íomhá seo deartha ag Freepik” ón suíomh www.freepik.com).

Scríofa ag: Dana Abi Ghanem, Ollscoil Teesside.

Archives