Aistriú Fuinnimh i San Pietro

Sa lá atá inniu ann, tá oileáin ag brath go mór ar sholáthar breosla iontaise agus ar an leictreachas a sholáthraíonn comhlachtaí móra. Níl sé seo éifeachtach ó thaobh costais de agus tá tionchar diúltach aige ar an timpeallacht, agus ní féidir é seo a sheasamh níos mó.

Is togra 4 bliana de chuid H2020 é REACT chun neamhspleáchas fuinnimh oileánda a bhaint amach trí fhoinsí fuinnimh inathnuaite agus córais stórála fuinnimh a nascadh le hardán éileamh freagartha agus rannpháirtíocht a spreagadh i measc lucht úsáide i bpobal fuinnimh áitiúil.

Seachas an tionchar dearfach a bheidh ag an togra seo ar an timpeallacht, i gcomhthéacs a bheith ag cur le dícharbónú na gcóras fuinnimh áitiúil, astuithe GHG a laghdú agus cáilíocht aeir chomhshaoil a fheabhsú, chomh maith leis sin, tá an feabhsú sóisialta a thagann as mothú pobail agus muiníne a chruthú. Beidh na tairbhí suntasacha foriomlána seo le feiceáil go díreach ag an úsáideoir nuair a íocfaidh siad níos lú ina mbillí leictreachais.

I REACT cuirtear na húsáideoirí i gcroílár an togra, áit ina mbeidh teicneolachtaí giniúna fuinnimh inathnuaite á n-insealbhú ar a gcuid díonta. Mar thoradh air sin, beidh níos mó páirt a ghlacadh i gceist, beidh na daoine seo ina dtáirgeoirí fuinnimh áitiúla a chuirfidh leis an soláthar leictreachais ar an ngreille ina iomláine.

Beidh siad in ann monatóireacht a dhéanamh ar a n-úsáid agus a dtáirgeadh fuinnimh trí chórais nuálacha méadraithe agus ardáin atá furasta le húsáid a mhéadaíonn feasacht faoi mhéid ag an am a úsáidtear an fuinneamh. Agus go háirithe tríd an gcóras éileamh freagartha, tabharfar dreasachtaí airgeadais don úsáideoir agus é ag aistriú a úsáide ó amanna buaicéilimh go hamanna go mbeidh an t-éileamh leictreachais níos ísle.

Má dhéanann muintir an oileáin an cinneadh a gcuid fearais tí a úsáid i rith tréimhsí go mbíonn an t-éileamh leictreachais íseal, beidh buntáistí eacnamaíochta i gceist chomh maith leis an mbrú a laghdú ar an gcóras, rud a bheidh dearfach don phobal in iomlán. Beidh an greille á neartú chomh maith toisc go beidh éileamh an leictreachais leibhéalta amach trasna an lae.

REACT: Scéim Píolótach na Iodáile

Tá an togra REACT ar siúl le trí bliana anois! Ag scéim píolótach na hIodáile tá páirtnéir de chuid an togra seo Comune di Carloforte ag glacadh páirte go gníomhach, ag cur aidhmeanna an togra i bhfeidhm ar sheacht bhfoirgneamh pobail ar an oileán.

Tá roinnt imeachtaí eagraithe ag an mbardas áitiúil do na daoine atá ag glacadh páirte sa togra agus tá siad chun é seo a leanúint ar aghaidh chun muintir an oileáin a chur ar an eolas faoin togra agus na buntáistí dearfacha a bhaineann leis.

Tá suas le 20 teach cónaithe páirteach sa togra agus tugtar comhairleoireacht saor in aisce dóibh maidir le slite chun a gcuid úsáid fuinnimh a ísliú, nó an deis a bheith acu teicneolaíochtaí nuálacha a thástáil sa bhaile, chomh maith le treoir a bheith ann dóibh le linn an phróisis ar fad. Tá cabhair ann chomh maith os na páirtnéirí eile ar an togra, a leithéid; R2M Solution, Midac, agus Mitsubishi Electric Italia.

Soláthraíonn Mitsubishi Electric Italia córais caidéil teasa ardfheidhmíochta a mbíonn coigilteas fuinnimh mar thoradh orthu go díreach, tugann R2M tacaíocht do bhainistíocht fuinnimh sa teach duit agus treoir maidir le hinsealbhú ar na córais nua fuinnimh in-athnuaite, agus soláthraíonn Midac córais stórála fuinnimh chun an ghiniúint ar an láthair a úsáid agus an córas éilimh freagartha a chur i bhfeidhm.

Thairis aon rud eile, tá smacht iomlán, agus radharc ag na daoine atá ag glacadh páirte, ar an bhfuinneamh atá in úsáid acu trí insealbhú méadar cliste.

Táirgeadh Fuinnimh Inathnuaite ag San Pietro

Is dúshlán é an t-athrú aeráide atá le sárú againn agus baineann San Pietro leas as a shaintréithe meitéareolaíochta is fearr chun an lorg coise carbóin a laghdú, trí chuid dá éileamh fuinnimh a thógáil ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite. Tá feirm mhór painéil gréine i gceist darbh ainm NASCA agus ina theannta seo, tá painéil fhótavoltach á n-insealbhú ar dhíonta na ndaoine atá ag glacadh páirte sa togra.

Úsáidtear agus roinntear an fuinneamh a tháirgtear go díreach ar an oileán laistigh den phobal. Áirítear leis seo tomhaltas agus comhroinnt fuinnimh go háitiúil i measc na mball. Is iad muintir an oileáin atá ag giniúint an fhuinnimh sa chás seo. Méadóidh an rannpháirtíocht ar níos mó teaghlach, in éineacht le scaipeadh teicneolaíochtaí RES ar oileán San Pietro. Dá bhrí sin, treiseofar ar fhéin-leordhóthanacht an oileáin agus laghdófar an spleáchas ar ghreille na mórthíre.

Thairis sin, cuidíonn pobail fuinnimh le tacú le togra inbhuanaithe áitiúil agus le hastaíochtaí carbóin a laghdú. Cuireann sé seo leis an ngeilleagar áitiúil.

Tá claochlú sóisialta i gceist leis an aistriú fuinnimh ina bhfuil ról ríthábhachtach ag muintir an oileáin. Gan dabht, ní bheadh aon togra gan na daoine ag glacadh páirte ann, agus mar sin tá sé tábhachtach go nglacfadh gach duine againn páirt ghníomhach agus chomhoibritheach chun na spriocanna fuinnimh pobail áitiúil a bhaint amach.

Táimid ag tnúth le níos mó daoine a thabhairt isteach sa togra seo i San Pietro! Má tá suim agat páirt a ghlacadh nó má theastaíonn soiléiriú uait, déan teagmháil linn ag an ríomhphost seo a leanas: info@react2020.eu.

Beidh áthas orainn aon cheann de do chuid ceisteanna a fhreagairt agus níos mó a fhoghlaim faoi na rudaí is dóigh leat atá i dtreo na fuinnimh inathnuaite.


Archives