Líonra na todhchaí a fhorbairt

  1. Gréasán Leictreachais na hÉireann

In Éirinn, bunaíodh líonra leictreachais náisiúnta den chéad uair in 1927 i gcomhar le scéim leictreachais hidrileictreacha na Sionainne a thógáil. Ó shin i leith, d’athraigh Éire ó thír thearcfhorbartha ar imeall na hEorpa go ceann le geilleagar nua-aimseartha. Bhí forbairt an bhonneagair líonraí leictreachais mar chuid den aistriú sin. Ba chloch mhíle thábhachtach é an clár le haghaidh leictriúchán tuaithe a cuireadh i gcrích sa tréimhse 1947 go 1956. Thug an clár sin leictreachas níos faide ná na cathracha agus na bailte agus amach chuig tithe, feirmeacha agus sráidbhailte tuaithe na hÉireann.  Féach https://youtu.be/dQrpJR1Vw1U.

Fíor 1. An Chéad Pholla um Scéim Leictriúchán Tuaithe in Éirinn – 1947
  1. Leictriú Teasa agus Iompair agus Fuinneamh In-athnuaite Méadaithe a Éascú

Déanann Líonraí ESB an córas leictreachais a thógáil agus a chothabháil, chomh maith leis sin oibríonn sé an córas dáileacháin a cheadaíonn sreabhadh leictreachais ón gcóras tarchurtha go dtí 2.3 milliún áitreabh do chustaiméirí in Éirinn. Tá athrú mór á dhéanamh ar an gcóras leictreachais faoi láthair arís, arna spreagadh ag tiomantas Líonraí ESB chun an t-aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin a éascú. I gcás Líonraí ESB, ciallaíonn sé sin líonra leictreachais inbhuanaithe, inacmhainne agus iontaofa a chur ar fáil d’Éirinn a nascann agus a fhreastalaíonn ar leibhéil i bhfad níos airde giniúna in-athnuaite agus a chumasaíonn leictriú teasa, iompair agus tionscail. Tacóidh an t-aistriú seo le tiomantas na hÉireann do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), do Chomhaontú Phárais, do Phacáiste Fuinnimh Ghlain an Aontais agus do Phlean Gníomhaíochta Aeráide Rialtas na hÉireann (CAP). Leagann an CAP amach conair na hÉireann go dtí 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an leictreachas atá le giniúint ó fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú 70% ar a laghad. Tá Éire anois ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le giniúint ardleibhéil in-athnuaite a chomhtháthú, amhail an ghaoth, ar an ngréasán leictreachais agus tá teist láidir uirthi ó thaobh spriocanna den sórt sin a bhaint amach, mar a léirítear leis an sprioc atá againn 40 % don bhliain 2020 a shárú. Ina theannta sin, leagtar amach sa CAP spriocanna do 936,000 feithicil leictreach agus 600,000 teaschaidéal i dtithe ar fud na tíre faoi 2030.

Tá nuálaíocht ag éirí níos tábhachtaí fós de réir mar a théann tionscal an fhuinnimh ar fud an domhain i dtaithí ar an tréimhse seo d’athrú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ina theannta sin, tá dúshlán á thabhairt do na cinnteachtaí agus na buntuiscintí a úsáideadh chun an gréasán leictreachais a phleanáil agus a oibriú agus tabharfar dúshlán níos mó dóibh amach anseo. Beidh sé ríthábhachtach go mbeidh líonraí leictreachais ar fud na hEorpa in ann iad féin a chur in oiriúint agus a bheith nuálach sa timpeallacht athraitheach neamhchinnte seo ionas go n-éireoidh leo sa todhchaí. Chun na dúshláin seo a bhaint amach, ní mór uasghrádú suntasach a dhéanamh ar an gcóras dáileacháin agus tarchurtha. Baineann sé freisin le líonraí cliste, teicneolaíochtaí faisnéise nua agus córais chumarsáide a úsáid. Beidh ar an líonra rannpháirtíocht ghníomhach leis an gcóras leictreachais a éascú, aistriú custaiméirí go gineadóirí fuinnimh chomh maith le bheith ina dtomhaltóirí, solúbthacht do chustaiméirí agus úsáid stórála ceallraí a chumasú.

In Éirinn, tá na deich mbliana atá romhainn cosúil le leictriú tuaithe ar bhealaí, mar go mbaineann sé le claochlú a chamasú inár dtithe agus inár ngnólachtaí. Séard atá i gceist leis an bPlean Gníomhaíochta Aeráide ná cur ar chumas 2.4 milliún teaghlach Éireannach na céadta míle cinneadh aonair a dhéanamh chun an ról atá ag leictreachas ina saol agus ina ngnólachtaí a athrú. Mar gheall air sin, tá an líonra a bheidh in Éirinn amach anseo á fhorbairt le cur ar chumas tithe agus gnólachtaí Éireannacha páirt a ghlacadh i dtodhchaí ísealcharbóin agus freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an nasc idir feithiclí leictreacha, as téamh leictreach a chur i bhfeidhm, agus as na mílte teaghlach atá ag glacadh le micreaghiniúint.

Cad a chiallaíonn sé sin i dtéarmaí teicniúla? Ar an gcéad dul síos, tá an infheistíocht is mó sa tréimhse seo sa rolladh amach méadrúcháin cliste, scéim ina bhfuilimid ag suiteáil teicneolaíochta i dtithe daoine a fhágann gur féidir leo smacht a fháil ar a n-úsáid leictreachais ar bhealaí nua, rud a chumasaíonn saoránaigh ghníomhacha fuinnimh. Ar an líonra, áfach, is ionann sin agus athrú ó bhonn san infheistíocht. Ciallaíonn sé treisiú leis an bhfócas a bhí ann le deich mbliana anuas, ar naisc tarchuir agus ar naisc in-athnuaite, chun díriú ar an líonra Luaineachta Meánmhéide (MV), ar líonraí Ísealvoltais (LV) agus ar líonraí níos cliste, a ndéantar bainistiú gníomhach orthu. Leis an athrú seo chuig “áitiúil” agus “gníomhach”, beidh teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail Éireannacha in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i gcóras giniúna dáilte, micreaghiniúna agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin.

  1. Líonra na Todhchaí a Fhorbairt

Tá trí chlár oibre shuntasacha seolta ag Líonraí ESB chun ár líonra amach anseo a fhorbairt chun na dúshláin atá leagtha amach thuas a shárú agus is iad sin; an Clár Náisiúnta Méadrúcháin Chliste, an clár oibre um fhorbairt córas líonra LV agus an Tionscadal Bainistíochta Córas Gníomhach.

Clár Náisiúnta Méadrúcháin Chliste

Séard atá i gceist leis an gClár Náisiúnta Méadraithe Cliste ná 2.4 milliún méadar leictreachais in Éirinn a uasghrádú faoi dheireadh 2024. Gheobhaidh gach baile, feirm agus gnó méadar cliste nua saor in aisce a rachaidh chun sochair do chustaiméirí, don chomhshaol agus don gheilleagar.

Cabhróidh gach méadar cliste leis an tsochaí a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus sinn ag obair i dtreo todhchaí ísealcharbóin. Cabhróidh méadair chliste le forbairt ghiniúint in-athnuaite mhéadaitheach na hÉireann, greillí cliste agus leictriú iompair agus teasa a éascú. Tabharfaidh siad rochtain níos fearr do chustaiméirí ar eolas cruinn ar a n-úsáid fuinnimh, rud a thabharfaidh smacht níos mó dóibh ar a n-ídiú fuinnimh. I dtrialacha, tháinig laghdú suas le 3 % ar thomhaltas agus 8% ar bhuaicéileamh. Is féidir méadair chliste a léamh go huathoibríoch, ag cumasú billeála níos cruinne agus ag déanamh laghdú suntasach ar an ngá le léamh méadair láimhe agus billí measta.

Fíor 2. Clárú Tí

Cuirfidh an t-uasghrádú go méadair chliste ar chumas Líonraí ESB lochtanna a aimsiú níos tapúla agus an líonra a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla. Cuireann sé ar chumas custaiméirí freisin aistriú ó sholáthróir leictreachais agus an t-áitreabh a bhogadh ar bhealach níos éasca. Tá na méadair chliste ag cur ar chumas cuideachtaí soláthair leictreachais táirgí agus seirbhísí cliste nua a thairiscint. Tugann na seirbhísí seo rogha níos mó do na custaiméirí agus ligeann siad dóibh cuid dá dtomhaltas a aistriú go hamanna den lá ina mbíonn leictreachas níos saoire.

Forbairt Chóras Líonra LV

Tá sé mar aidhm ag ár gclár forbartha saothair LV, le liúntas de 134m thar na 5 bliana amach romhainn, a chinntiú go bhfuil an líonra LV oiriúnach don fheidhm ionas gur féidir lenár gcustaiméirí teicneolaíochtaí ísealcharbóin (LCT) a ghlacadh ar nós luchtú baile EVanna, teaschaidéil, agus micreaghiniúint i gcomhréir leis an CAP. Ina theannta sin, táimid ag obair chun ár Straitéis Leictriúcháin atá foilsithe a chur i gcrích, agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí tras-chuideachta a bhaineann leis an réimse seo.

Fíor 3. Leictriú – EV, Caidéil Teasa agus Micrighiniúint

Laistigh de na Líonraí ESB, aithnímid an tábhacht a bhaineann leis an gcóras dáileacháin a fhorbairt go réamhghníomhach, go háirithe an líonra LV, ionas nach mbeidh custaiméirí ag fulaingt i dtaobh cáilíocht cumhachta, athléimneacht agus iontaofacht de réir mar a mhéadaíonn an t-ualach ar an gcóras mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar fheithiclí leictreacha agus ar chúrsaí iompair. Ní mór é sin a chothromú leis an bhfreagracht atá orainn infheistíocht stuama a dhéanamh sa líonra agus forbairt neamhriachtanach bonneagair agus sócmhainní tréigthe a sheachaint.

Leis an gclár oibre seo curtha i ngníomh anois, an phríomhaidhm sa ghearr go meánthéarma ná díriú ar an tionchar dealraitheach a d’fhéadfaí a bheith ag an iompair leictrithe ar an líonra LV, agus tús a chur leis an bhfeabhsúchán réamhghníomhach/pleanáilte ar an gcóras LV chun freastal air sin ar ár ngréasán. De réir mar a théimid chun cinn sna blianta beaga romhainn agus de réir mar a mhéadófar glacadh LCT, déanfar breithniú chomh maith maidir le tionchair teasa leictrithe agus micrighiniúna araon.

Chun cinnteoireacht agus clárú comhsheasmhach láidir a chumasú agus chun an leas is fearr is gur féidir a bhaint as na deiseanna chun costais a laghdú a thacaíonn le leictriúchán teasa agus iompair, tá cúig chéim dár modheolaíocht bheo anois sainaitheanta againn chun an córas dáileacháin a fhorbairt:

  1. Réamhaisnéis — Uirlis anailíse sonraí réamh-mheasta a chur chun feidhme i néal Líonraí an ESB. Cuireann sé sin ar chumas Líonraí ESB gearrliosta a dhéanamh ar chlaochladáin MV/LV áit ar ábhar imní é acmhainneacht an líonra.
  2. Aithint — Cruthúnas coincheapa a chur chun feidhme leis an gclár méadrúcháin chliste chun grúpaí LVanna a shainaithint nuair is fadhb iad srianta voltais. Cuirfear torthaí an méid sin i bhfeidhm inár n-uirlis anailíse sonraí réamhaisnéise.
  3. Monatóireacht – Baineann céim 1 le rolladh amach 100 monatóir ar chlaochladáin MV/LV chun claochladáin a bhfuil saincheisteanna ró-ualú féideartha acu mar gheall ar ghlacadh EVs agus caidéil teasa a shainaithint. Le Céim 2 síntear an feidhmiú céimneach i gCéim 1 go 1,000 monatóir. Mar thoradh air sin, déanfaidh Líonraí ESB monatóireacht ar phríomhlíonra LV chun tionchair LCT a bhainistiú sna blianta amach romhainn.
  4. Réitigh Chliste – réitigh chliste a úsáid nuair is féidir agus nuair atá sé éifeachtúil ó thaobh costas de. Fréamhshamhaltú claochladáin nuálacha nua. Comhoibriú leis an Tionscadal Bainistíochta Córas Gníomhach.
  5. Neartú Líonra — atreisiú traidisiúnta chun an líonra. Athbhreithniú ar na caighdeáin Deartha, straitéisí don Fhoireann Deartha Líonra, agus oiliúint maidir lenár gcrann cinnteoireachta i dtaca le dearadh LV le haghaidh líonraí oiriúnach don dtodhchaí. Comhordú ar shamhlacha acmhainne, lóistíochta go feabhsú an chórais LV lena n-áirítear am deartha, creataí ábhartha, agus foirne tógála.
Fíor 4. Réamhaisnéis, Sainaithin, Monatóireacht, Réitigh Chliste agus Líonra a neartú.

Tionscadal um Bainistiú Gníomhach Córas

Tá an Tionscadal Bainistíochta Córas Gníomhach i Líonraí ESB freagrach as athrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar fuinneamh ar líonra dáileacháin leictreachais na hÉireann a bhainistiú. Sna deich mbliana amach romhainn, glacfaidh gach custaiméir, ó ghineadóirí in-athnuaite go húsáideoirí móra fuinnimh, go dtí an baile, custaiméirí feirme agus gnó, teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua a athróidh conas a ghineann, stórálann nó a ídíonn siad leictreachas. Le giniúint níos in-athnuaite agus tomhaltas leictreachais níos mó, tá gá leis an Tionscadal um Bainistiú Córas Gníomhach chun a chinntiú go bhféadfadh an córas dáileacháin faireachán a dhéanamh ar an gcumhacht ar an leibhéal áitiúil, í a thuar agus í a bhainistiú.

Sa tírdhreach nua fuinnimh seo, éireoidh custaiméirí agus pobail ar fud na tíre níos gníomhaí maidir lena n-úsáid leictreachais a bhainistiú agus a rialú. Trí rannpháirtíocht ghníomhach ag cách sa phróiseas um Bainistiú an Chórais Ghníomhaigh, is féidir linn córas dáileacháin a fhorbairt atá sábháilte agus slán, ag tabhairt isteach margaí áitiúla nua atá ag freagairt do riachtanais nua áitiúla agus réigiúnacha, agus a imríonn tionchar dearfach ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Fíor 5. Bainistiú an Chórais Ghníomhaigh – Seomra Rialaithe

Agus Bainistiú Córais Gníomhacha á chur i bhfeidhm againn ar fud na hÉireann, tuigimid go mór an tionchar a bheidh ag an mBainistiú ar an gCóras Gníomhach ar gach tionscail, gach custaiméirí agus ar an bpobal uile agus táimid ag plé go gníomhach leis na páirtithe leasmhara go léir, ionas go ndéanfaimid an tionscadal seo a sheachadadh i gcomhar le chéile. Is iad ár réimsí fócais faoi láthair:

  1. Rochtain & Feasacht, chun a fháil amach conas a bheimid ag obair i dtreo córas fuinnimh gníomhach a chruthú. Áirítear leis seo ár Riachtanais Córas Cumhachta 2030 a fhorbairt; mapaí teasa Íosvoltais áitiúla, Creat Comhairliúcháin agus ár dTreochlár Píolótach.
  2. Teicneolaíocht, atá ag féachaint ar conas is fearr is féidir linn an córas le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, custaiméirí agus rannpháirtíocht an phobail. Áirítear leis sin forbairt a dhéanamh ar Threoir, Cláir Oibre agus Painéal na nIonstraimí Sonraí agus Comharthaí agus ar Threochlár an Chórais Oibríochta.
  3. Dearadh an Mhargaidh, a bhreathnaíonn ar conas a thabharfaimid solúbthacht chuig an gcóras trí shocruithe margaidh a athshamhlú. Áirítear ina measc sin, an Chéad Thairiscint do Sholúbthacht, Plean don Mhargadh Solúbthachta agus Treochlár Cónaithe.
  1. Conclúid

Tá forbairt gréasán leictreachais na hÉireann amach anseo ceaptha chun cur ar chumas tithe agus gnólachtaí Éireannacha páirt a ghlacadh i dtodhchaí ísealcharbóin. Chun é sin a dhéanamh, tá forbairt an chórais agus dul chun cinn oibríochtúil le méadú go suntasach ag voltas íseal, voltas meánach, agus sna córais rialaithe oibriúcháin is gá chun a bheith in ann an córas (éileamh, giniúint agus gléasanna líonra) a bhainistiú go gníomhach ag gach voltas. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den iarracht innealtóireachta agus seachadta a bhaineann leis an gclár uaillmhianach oibre seo, ná den bhunriachtanas a bhaineann leis i dtaobh cuspóirí fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a bhaint amach ach an oiread. Leanfaidh Líonraí ESB ar aghaidh ag obair i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta agus le custaiméirí chun aistriú na hÉireann chuig geilleagar carbóin níos ísle a éascú.

Tina McManus le cúnamh ó Carol Murphy, Emma Silke, Ellen Diskin agus Kevin Gleeson

Archives