Bhuail an fhoireann REACT suas go Fíorúil le haghaidh an 5ú Comhthionól Ginearálta!

Ar an 22ú agus 23ú Meitheamh, thionóil an togra REACT a 5ú Comhthionól Ginearálta fíorúil ar líne thar dhá lá, dian sheisiúin leath lae a bhí i gceist. Tháinig gach ceann de na 24 pháirtnéirí le chéile ar líne chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Na h-ábhair eile a bhí le plé ná na céimeanna forbartha atá le tógaint againn chun teach ar réiteach ar cheisteanna theicniúla, chomh maith le saincheisteanna sóisialta tábhachtacha eile. Bhí cur i láthair ag na ceannairí chun an dul chun cinn a thaispeáint cosúil leis na teicneolaíochtaí, gníomhaíochtaí taispeántais, saothrú, cumarsáid agus na pacáistí oibre.

Rinneadh struchtúrú ar an ócáid ionas go bhféadfaimis a fheiceáil, ar dtús cad iad na dul chun cinn ar na hoileáin phíolótacha ina n-aonar, agus ansin an dul chun cinn teicniúil agus sóisialta. I dtosach báire chur comhordaitheoir an togra, Veolia, tús leis an seisiún ag chur fáilte romhainn agus athbhreithniú gairid ar stádas bhainistíocht an togra. Ansin chuir na páirtnéirí freagracha as na hoileáin phíolótacha ar an eolas sinn maidir leis an dul chun cinn a rinne siad san.

An chéad ghrúpa ná Carloforte, tá obair mhaith á dhéanamh acu tar éis roinnt fadhbanna toisc an phaindéim. Tá na ceallraí stórála fuinnimh insealbhaithe i roinnt foirgnimh poiblí agus príobháideach. Rinneadh dul chun cinn le painéil gréine agus ceallraí a insealbhú i La Graciosa freisin agus rinneadh dul chun cinn ar threalamh a insealbhú in Inis Mór Árann chomh maith. Obair mhór agus dul chun cinn mór á léiriú ar choincheap neamhthuilleamaíoch fuinnimh sna hoileáin a bhuíochas sin dár pháirtnéirí; Midac Batteries SpA, Mitsubishi Electric Europe BV agus R2M Solution.

Chuir na páirtnéirí éagsúla teicniúil cur i láthair maidir leis an dul chun cinn ar ailtireacht an ardáin gréasáin, ar na meán-earraí cumarsáide agus ar na comhéadain, ar an ngreille shéimeantach agus ar a inoibritheacht. Rinne Tekniker cur i láthair an-deas ar an aip REACT réidh le haghaidh fón cliste agus táibléid freisin, Tekniker tá meastóireacht déanta ar an fhréamhshamhail le haghaidh an úsáid agus tá gach feidhmiúlacht gur gá agus eolas ar ídiú fuinnimh a sholáthar.

Sa oileán leanúna Majorca, áit a ndearnadh staidéar. Rinneadh agallaimh le grúpa a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne agus léirigh réamhanailís ar na torthaí nach raibh mórán eolais ag formhór na bhfreagróirí faoi Fhreagairt Éilimh Fuinnimh agus níos lú fós faoi Chomhphobail Fuinnimh. Tá bhainistiú i gceist chun daoine a fháil chun a bheith páirteach sa togra, suim a bheith acu chomh maith sa réimse.

Tagann ceisteanna chun cinn maidir le rannpháirtíocht luaíochta: An féidir leis na meáin shóisialta a bheith ina mbealaí éifeachtacha chun an fhaisnéis atá ag teastáil a sholáthar? Cad iad na buntáistí a bhaineann leis na meáin shóisialta a úsáid chun daoine a mhealladh? An bhfuil aon bhealach eile ann chun daoine a bhfuil spéis acu a fháil?

Tá na hoileáin leanúna Gotland, Reunión agus Lesvos ag déanamh taighde freisin ar an tuiscint atá ag cónaitheoirí ar Fhreagairt Éileamh Fuinnimh agus ar bhainistíocht fuinnimh. Is iad Ollscoil a href=”https://www.linkedin.com/company/uppsala-university/”>Uppsala University, deLa Réunion agus Ollscoil na Mara Aeigéach ag ghlacadh páirt sna gníomhaíochtaí seo. Tá súil againn go mbeidh torthaí ar an taighde seo faoi dheireadh an tsamhraidh. Coinneoimid ar an eolas thú.

Cuireadh deireadh leis an gcruinniú agus táthar ag súil go mbeimid in ann teacht le chéile i bpearsanta don chéad comhthionól ginearálta eile a bheidh againn. Táimid ag súil go mbeidh dearcadh soiléir againn ar na chéimeanna atá le glacadh sa togra ag na páirtnéirí uilligh le linn an chéad 6 mhí eile.

Leanaimid lenár n-iarrachtaí chun fuinnimh inmharthana a fhorbairt i measc pobail na n-oileán!

Archives