Brainse na Mac Léinn NUIG (Togra ASHRAE): “Demand Response Programs for Building Energy Efficiency and User’s Comfort”

Tarraingíodh aird ar thogra REACT agus RESPOND ar webinar a bhí curtha i láthair ag brainse na Mac Léinn faoi an clár ASHRAE. Clár faoi freagartha éilimh fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus compord an úsáideora an téama agus do bhí sé ar súil ar an 8ú Deireadh Fómhair 2020. B’é seo an chéad webinar dá shórt agus b’í Raquel Lima an cathaoirleach ar an lá. Bhí triúr cainteoirí ann: Marcus M. Keane, María Luisa Serrano, agus Toke Haunstrup Christensen. Taispeántar thíos an cuireadh imeachta a scaipeadh agus do chláraigh 49 duine dó.

Chuir an Dr. Keane, atá ina stiúrthóir ar an ngrúpa IRUSE agus ina léachtóir i Roinn na hInnealtóireachta Sibhialta, OÉ Gaillimh, “Freagra ar Éilimh a Chomhtháthú i gCórais Bainistíochta Fuinnimh”. Ina chur i láthair, thug an Dr. Keane forbhreathnú ar Thograí Taighde Freagartha Éilimh Eorpacha # H2020 2017-2020 le fócas ar leith ar thogra H2020 REACT agus RESPOND.

Chuir Ms Serrano, atá ina hinnealtóir nuálaíochta agus rialála ag bord soláthar leictreachas na Spáinne Feníe Energía, “Togra RESPOND agus REACT i “bhFoirgnimh Chónaithe agus Pobail” i láthair. Ina cur i láthair, thug Ms Serrano chun suntais go bhfuil riachtanais an chórais leictreachais ag teacht chun cinn go suntasach agus go mbíonn tionchar acu i gcónaí ar thionscal na boird soláthair leictreachas na hEorpa. Tá tábhacht ag baint le giniúint dáilte agus fuinneamh in-athnuaite i bhformhór na margaí, rud a fhágann go bhfuil oiriúnú eangaí riachtanach. Tá roinnt tionscadal a fhaigheann maoiniú ón AE dírithe ar réitigh DR sa timpeallacht intíre, mar togra REACT, agus togra RESPOND.

Chuir an Dr. Christensen, atá ina thaighdeoir sinsearach i Roinn na Timpeallachta Tógtha in Ollscoil Aalborg sa Danmhairg, i láthair “Maireachtáil le painéil PV: Cleachtais laethúla athraitheacha teaghlaigh chun tomhaltas a gcumhachta PV féin a bharrfheabhsú”. Ina chur i láthair, thug an Dr. Christensen chun suntais go gcuirtear painéil PV isteach i go leor tíortha, agus go ndéantar “prosumers” díobh. Mar sin, díríodh ar a chur i láthair ar an gcaoi a dtéann sé seo i bhfeidhm ar chleachtais laethúla teaghlach maidir le haistriú ama a n-ídiú leictreachais d’fhonn féin-leordhóthanacht a bharrfheabhsú. Cuireadh torthaí na trialach RESPOND le húinéirí tí agus tionóntaí i láthair agus rinneadh anailís orthu.

Tar éis na trí chur i láthair, tionóladh seisiún ceisteanna & freagraí agus d’fhreagair na cainteoirí cúig cheist ón lucht féachana.

Cuireadh suirbhé leantach i bhfeidhm freisin tar éis an webinar agus fuarthas 14 fhreagra. Taispeántar freagraí an tsuirbhé sna graif thíos.

Fuarthas aiseolas dearfach breise and moltaí fiúntacha ó na daoine a rinne an suirbhé.

Cuireadh an taifeadadh webinar ar chainéal YouTube ASHRAE Ireland Chapter agus is féidir teacht air anseo:

CLICEÁIL CHUN FÉACHAINT AR AN WEBINAR.

Dar le rúnaí ASHRAE Ireland Chapter, Daniel Coakley, tá a lán tuairimí á bhfáil cheana féin faoin taifead agus is é an taifead is mó féachána a bhí ag an gcainéal don chéad 24 uair an chloig.

Mar fhocal scoir, ba mhaith le Brainse Mac Léinn NUIG de chuid ASHRAE buíochas a ghabháil le cainteoirí, lucht eagraithe na cainte, lucht freastail agus páirtnéirí an togra as rath na hócáide.

Archives