{"id":24998,"date":"2021-04-06T11:22:47","date_gmt":"2021-04-06T11:22:47","guid":{"rendered":"https:\/\/react2020.eu\/?p=24998"},"modified":"2021-05-07T09:32:04","modified_gmt":"2021-05-07T09:32:04","slug":"corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/","title":{"rendered":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa"},"content":{"rendered":"\n<p>I l\u00e1thair na huaire t\u00e1 teicneola\u00edochta\u00ed f\u00f3tavoltacha gr\u00e9ine \u00e1 n-\u00fas\u00e1id le fuinneamh na gr\u00e9ine a athr\u00fa go fuinneamh leictreach. Is tr\u00ed phain\u00e9il ghr\u00e9ine a ghintear an fuinneamh sa gc\u00e1s seo. &#13;\n&#13;\n<\/p>\n\n<p>T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 t\u00f3ir n\u00e1 bh\u00edodh ar a bheith ag baint bunt\u00e1iste as fuinneamh na gr\u00e9ine \u00f3 tharla go bhfuiltear ag bogadh i dtreo c\u00f3rais fuinneamh glas in \u00e1it d\u00fashaothr\u00fa ar acmhainn\u00ed n\u00e1d\u00fartha neamh-inathnuaite ar n\u00f3s gual n\u00f3 ola.<\/p>\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img fetchpriority=\"high\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"576\" src=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1-1024x576.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-24473\" srcset=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1-1024x576.jpg 1024w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1-300x169.jpg 300w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1-768x432.jpg 768w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg 1080w\" sizes=\"(max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>Pain\u00e9il ghr\u00e9ine i La Graciosa<\/figcaption><\/figure>\n<h2 class=\"wp-block-heading\"><strong>B<\/strong><strong>unt\u00e1ist\u00ed na <\/strong><strong>F<\/strong><strong>\u00e9in\u00fas\u00e1ide<\/strong><\/h2>\n\n<p>St\u00f3r\u00e1iltear i gceallra\u00ed an fuinneamh a ghintear as <em>c\u00f3rais fuinneamh in-athnuaite<\/em> nach n-\u00edd\u00edtear l\u00e1ithreach n\u00f3 scaoiltear isteach san eangach leictreachais \u00e9. Tugann na c\u00f3rais seo deis freisin d\u2019\u00fas\u00e1ideoir\u00ed a gcuid fuinneamh leictreach f\u00e9in a ghini\u00faint d\u00e1 dtithe n\u00f3 \u00e1itribh.<\/p>\n\n<p>T\u00e1 s\u00e9 furasta go leor, ar an ioml\u00e1n, na h\u00e1iseanna f\u00e9in\u00fas\u00e1ide a thuiscint agus a \u00fas\u00e1id.  Is \u00e9 an r\u00e9iteach a thairg an togra REACT do La Graciosa n\u00e1 pain\u00e9il fh\u00f3tavoltacha a cheangal le gl\u00e9asanna leictreonacha an \u00fas\u00e1ideora agus a ngr\u00e9as\u00e1n inmhe\u00e1nach leis an tsl\u00e1nd\u00e1il leictreach. Sa gcaoi seo t\u00e1 an duine f\u00e9in in ann an fearas a rial\u00fa n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u00e9 a rial\u00fa \u00f3 chian.<\/p>\n\n<h4 class=\"wp-block-heading\">C\u00f3rais fuinneamh in-athnuaite a chur Isteach<\/h4>\n\n<p>Teasta\u00edonn an fearas seo a leanas do chur isteach na gc\u00f3ras:<\/p>\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>I dtosach b\u00e1ire na <em>pain\u00e9il fh\u00f3tavoltacha <\/em>(PF) a chuirtear ar an d\u00edon n\u00f3 ar aon dromchla feili\u00fanach. T\u00f3gann siad seo isteach fuinneamh na gr\u00e9ine agus athra\u00edonn \u00e9 go fuinneamh leictreach.<\/li><li>Ansin teasta\u00edonn inbh\u00e9art\u00f3ir, sin \u00e9 an gl\u00e9as a athra\u00edonn an fuinneamh seo go fuinneamh at\u00e1 r\u00e9itithe le \u00a0n-\u00fas\u00e1id, tr\u00edd an sruth d\u00edreach a iomp\u00fa ina shruth ailt\u00e9arnach.<\/li><li>Ina dhiaidh sin t\u00e1 na <em>ceallra\u00ed<\/em>, \u00e1it a st\u00f3r\u00e1iltear an fuinneamh a gineadh agus n\u00e1r \u00fas\u00e1ideadh, le go mbeidh f\u00e1il \u00a0n\u00edos deireana\u00ed air, mar shampla, san o\u00edche nuair nach mb\u00edonn na pain\u00e9il ag gini\u00faint aon fhuinneamh nua.<\/li><li>Ar deireadh t\u00e1 an <em>c\u00f3ras monat\u00f3ireachta<\/em> a chuireann an t-eolas faoin bhfearas agus faoin ngini\u00faint fuinnimh chuig an ionad rialaithe. Seice\u00e1iltear san ionad go bhfuil chuile rud ag obair mar is c\u00f3ir.<\/li><\/ul>\n<h4 class=\"wp-block-heading\">Bunt\u00e1ist\u00ed<\/h4>\n\n<p>Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos m\u00e1 ghineann agus m\u00e1 bhainist\u00edonn t\u00fa do chuid fuinneamh f\u00e9in d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 do chuid \u00eddi\u00fa fuinnimh agus bill\u00ed leictreacha a laghd\u00fa go m\u00f3r.  I bhfocla eile, m\u00e1 t\u00e1 c\u00f3ras st\u00f3r\u00e1la fuinnimh ag an \u00fas\u00e1ideoir, f\u00e9adfar fuinneamh at\u00e1 st\u00f3r\u00e1ilte a \u00fas\u00e1id san o\u00edche, tr\u00e1th nach mb\u00edonn na pain\u00e9il fh\u00f3tavoltacha ag gini\u00faint breis fuinnimh, rud a fh\u00e1gann bill\u00ed fuinnimh n\u00edos \u00edsle. <\/p>\n\n<p>I ndeireadh na d\u00e1la, m\u00e9ad\u00f3far \u00e9ifeachtacht fuinnimh tr\u00edna gl\u00e9asanna f\u00e9in\u00fas\u00e1ide seo a chur isteach rud a thabharfaidh luach margaidh n\u00edos airde don teach\/\u00e1itreabh. <\/p>\n\n<p>N\u00edos ionta\u00ed n\u00e1 sin, t\u00e1 bunt\u00e1ist\u00ed eacnama\u00edochta agus comhshaoil sna c\u00f3rais fuinneamh in-athnuaite seo don tsocha\u00ed. Sin mar go n-\u00edsl\u00edtear an costas a bhaineann le h\u00e9ileamh fuinnimh de bharr go seachna\u00edtear iompar fuinnimh tr\u00edna c\u00e9adta cilim\u00e9adar de ch\u00e1bla\u00ed. Laghda\u00edonn s\u00e9 seo caillteanais chuig na gr\u00e9as\u00e1in tarchurtha agus d\u00e1ileach\u00e1in. <\/p>\n\n<p>Agus rud at\u00e1 f\u00edorth\u00e1bhachtach, tugann s\u00e9 seo aire n\u00edos fearr don timpeallacht. De bharr an chine\u00e1il seo f\u00e9inshol\u00e1thair laghda\u00edtear g\u00e1is cheaptha teasa rud a fheabhsa\u00edonn caighde\u00e1n an aeir. In \u00e9ineacht leis sin tarla\u00edonn laghd\u00fa de thonna amh\u00e1in CO2 sa mbliain do chuile chileavata a ghintear, rud a dheile\u00e1lann le hathr\u00fa aer\u00e1ide. Agus anuas air sin uilig chruth\u00f3dh s\u00e9 fosta\u00edocht \u00e1iti\u00fail, d\u00edreach agus ch\u00e1ilithe. Agus neart\u00f3dh s\u00e9 ioma\u00edocht cuideachta\u00ed.<\/p>\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"576\" src=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-2-1-1024x576.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-24445\" srcset=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-2-1-1024x576.jpg 1024w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-2-1-300x169.jpg 300w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-2-1-768x432.jpg 768w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-2-1.jpg 1080w\" sizes=\"(max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>Togra p\u00edol\u00f3tach REACT i La Graciosa, Na hOile\u00e1in Chan\u00e1racha, An Sp\u00e1inn. <\/figcaption><\/figure>\n<p>Gr\u00edosa\u00edtear REACT tr\u00edna spriocanna seo agus oibr\u00edonn siad chun tac\u00fa leis na hoile\u00e1in ph\u00edol\u00f3tacha a neamhsple\u00e1chas fuinnimh a bhaint amach, sin le r\u00e1 go mbeid\u00eds in ann breathn\u00fa amach d\u00f3ibh f\u00e9in \u00f3 thaobh sol\u00e1thar cumhachta de. <\/p>\n\n<p>Chuige seo moltar faoin togra go mbun\u00f3fa\u00ed <em>pobail \u00e1iti\u00fala fuinnimh<\/em> a ghineadh agus a bhainisteodh a gcuid fuinneamh leictreach f\u00e9in.<\/p>\n\n<p>Ar an bhf\u00e1th sin, ag togra p\u00edol\u00f3tach La Graciosa t\u00e1 s\u00e9 i gceist thart ar 20 de na c\u00f3rais seo a chur isteach rud a chiall\u00f3dh go nginf\u00ed timpeall 60 cileavata \u00f3 theas na gr\u00e9ine, sin thart ar 5% d\u2019\u00e9ileamh an oile\u00e1in. Roghna\u00edodh an t-oile\u00e1n seo \u2018La Graciosa\u2019 don togra p\u00edol\u00f3tach mar gheall ar a shu\u00edomh, \u00e1it a mb\u00edonn go leor uaireanta rada\u00edochta gr\u00e9ine ann in aghaidh na bliana, bunt\u00e1iste gan dabht agus f\u00e9in\u00fas\u00e1id f\u00f3tavoltach \u00e1 mholadh don oile\u00e1n.<\/p>\n\n<p>Go sonrach, t\u00e1 an togra ag tairiscint c\u00f3ras fuinnimh in-athnuaite saor in aisce a chur isteach do rannph\u00e1irtithe an togra! Go pr\u00edomha is pain\u00e9il fh\u00f3tavoltacha ceangailte le ceallra\u00ed litiam n\u00f3 luaidhe at\u00e1 i gceist sna c\u00f3rais seo. Breathn\u00f3idh REACT amach freisin do chothabh\u00e1il na n-\u00e1iseanna seo fad a sheasfaidh an togra. Is togra taighde 4 bliana \u00e9 a thosaigh in Ean\u00e1ir 2019. <\/p>\n\n<p>D\u00e9anfar monat\u00f3ireacht ar na suite\u00e1lacha a chuirfear isteach d\u00e1 staid\u00e9ar fuinnimh ina dhiaidh sin. T\u00e1thar ag f\u00e9achaint lena thaispe\u00e1int gur f\u00e9idir f\u00e9in-inbhuanaitheacht a bhaint amach le m\u00fanla fuinnimh n\u00edos eiceola\u00edche agus n\u00edos freagra\u00ed, rud a laghd\u00f3dh costais ginte agus asta\u00edochta\u00ed truaillithe.<\/p>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\"><strong>P\u00e1irteachas an Phobail <\/strong><\/h2>\n\n<p>Caithfidh \u00e1itritheoir\u00ed an oile\u00e1in gn\u00edomh\u00fa le ch\u00e9ile mar phobal lena sol\u00e1thar fuinnimh f\u00e9in a bhainisti\u00fa f\u00e9achaint le 100% d\u00e1 sol\u00e1thar fuinneamh in-athnuaite f\u00e9in a bheith acu ar deireadh. <\/p>\n\n<p>Bunt\u00e1iste eile a bhaineann leis an togra REACT n\u00e1 a dtoilteanas i leith bun\u00fa <em>pobail \u00e1iti\u00fala fuinnimh<\/em> sa mhe\u00e1ntr\u00e9imhse. T\u00e1 s\u00e9 an-t\u00e1bhachtach go dtabharfa\u00ed eolas maidir le f\u00e9inbhainisti\u00fa don phobal le linn an togra agus go mbeadh \u00e1itritheoir\u00ed an oile\u00e1in p\u00e1irteach ann agus eagraithe le lean\u00faint ar aghaidh ag cur neamhsple\u00e1chas fuinnimh \u2018La Graciosa\u2019 chun cinn sa todhcha\u00ed. Le dhul n\u00edos doimhne sa sc\u00e9al tugann an t\u00e9arma <em>pobail \u00e1iti\u00fala fuinnimh<\/em> na coincheapa <em>pobail fuinneamh in-athnuaite<\/em> agus <em>pobail fuinneamh saor\u00e1nach<\/em> ina ch\u00e9ile. Is f\u00e9idir iad a shainmh\u00edni\u00fa mar \u201caon\u00e1in dhl\u00edthi\u00fala le p\u00e1irt\u00edocht dheonach agus oscailte, a bh\u00edonn \u00e1 rial\u00fa ag scairshealbh\u00f3ir\u00ed n\u00f3 baill ar dhaoine iontu f\u00e9in n\u00f3 daoine dl\u00edthi\u00fala iad (ina measc: cumainn, comharchumainn, eagra\u00edochta\u00ed neamhbhrab\u00fais, cuideachta\u00ed) agus \u00fadar\u00e1is \u00e1iti\u00fala r\u00e9igi\u00fanacha n\u00f3 n\u00e1isi\u00fanta freisin\u201d.<\/p>\n\n<figure class=\"wp-block-image size-large\"><img decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"576\" src=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-18-1-1024x576.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-24509\" srcset=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-18-1-1024x576.jpg 1024w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-18-1-300x169.jpg 300w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-18-1-768x432.jpg 768w, https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-18-1.jpg 1080w\" sizes=\"(max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>Cur i l\u00e1thair REACT do phobal an oile\u00e1in seo in Ean\u00e1ir 2020.  <\/figcaption><\/figure>\n<p>Is \u00e9 an pr\u00edomhaidhm s\u00f3isialta a bh\u00e9as anseo n\u00e1 go dtairgfear bunt\u00e1ist\u00ed fuinnimh, as a bhfaighidh na baill agus an ceantar \u00e1iti\u00fail ina mbeidh s\u00e9 ag feidhmi\u00fa bunt\u00e1ist\u00ed comhshaoil, eacnama\u00edochta n\u00f3 s\u00f3isialta as, in \u00e1it a bheith ag d\u00e9anamh brabach airgid.  I measc na ngn\u00edomha\u00edochta\u00ed a bheadh le forbairt bheadh, i measc ruda\u00ed eile, gini\u00faint fuinnimh as foins\u00ed in-athnuaite agus a bheith \u00e1 dh\u00e1ileadh, \u00e1 shol\u00e1thar, \u00e1 \u00eddi\u00fa, \u00e1 bhaili\u00fa agus \u00e1 st\u00f3r\u00e1il, ag sol\u00e1thar seirbh\u00eds\u00ed \u00e9ifeachtacha fuinnimh agus seirbh\u00eds\u00ed d\u2019athlucht\u00fa feithicl\u00ed leictreacha n\u00f3 seirbh\u00eds\u00ed eile fuinnimh.<\/p>\n\n<p>Gan aon dabht crutha\u00edtear, &#8211; tr\u00edna deiseanna nua a thairgeann an t-athr\u00fa fuinnimh a bhfuileamar s\u00e1ite ann, &#8211; teacht chun cinn c\u00f3rais nua comhoibrithe d\u00e1r n-acmhainn\u00ed fuinnimh a chuireann chun cinn c\u00f3ras n\u00edos c\u00f3ra, n\u00edos \u00e9ifeachta\u00ed agus n\u00edos comhoibr\u00edche. D\u00e1 bhr\u00ed sin, ofr\u00e1lann <em>pobail \u00e1iti\u00fala fuinnimh<\/em> deis faoin gcreat nua seo.<\/p>\n\n<h4 class=\"wp-block-heading\">Pr\u00edomhbhunt\u00e1ist\u00ed na bPobal Fuinnimh<\/h4>\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>C\u00faram don phl\u00e1in\u00e9ad, an rud c\u00e9anna le breathn\u00fa amach d\u00e1r dtimpeallacht, d\u00e1r sp\u00e1s maireacht\u00e1la, do shl\u00e1inte \u00e1r dteaghlaigh agus \u00e1r bpobal. Cialla\u00edonn s\u00e9 beart a chur le briathar agus an t-athr\u00fa fuinnimh a chur i bhfeidhm chun d\u00e9ile\u00e1il le hathr\u00fa aer\u00e1ide<\/li><li>Laghd\u00fa costais, s\u00e1bh\u00e1ilt airgid ar \u00e1r mbill\u00ed leictreachais mar go mbeidh praghas f\u00e9ar\u00e1ilte i gceist agus eolas n\u00edos oscailte<\/li><li>Cur chun cinn \u00fas\u00e1id fuinneamh glas a bheadh 100% glan agus a thagann \u00f3 acmhainn\u00ed n\u00e1d\u00fartha <\/li><li>Athr\u00fa ar mh\u00fanla a thugann deis d\u00fainn, i gcompar\u00e1id le cuideachta\u00ed m\u00f3ra, an fuinneamh a bheadh \u00e1 \u00eddi\u00fa againn a rial\u00fa, de bharr gur m\u00fanla comhoibritheach a bheadh ionainn<\/li><li>Taca\u00edocht \u00f3 phr\u00edomhacht na ndaoine in \u00e1it leasa airgeadais agus amhantracha. Chuirf\u00ed an bunt\u00e1iste eacnama\u00edoch ar fad i dtreo costas fuinnimh a laghd\u00fa d\u00f3ibh sin a bheadh p\u00e1irteach sa bpobal fuinnimh agus d\u2019fhorbairt sh\u00f3isialta a gcomhshaol<\/li><li>Cruth\u00fa luach s\u00f3isialta, eacnama\u00edochta agus comhshaoil agus baint amach timpeallacht n\u00edos inbhuanaithe. <\/li><\/ul>\n<blockquote class=\"wp-block-quote is-style-large is-layout-flow wp-block-quote-is-layout-flow\"><p><em>B<\/em><em>\u00ed Linn!<\/em> <em>Taobhaigh le REACT!<\/em><\/p><\/blockquote>\n\n<p><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I l\u00e1thair na huaire t\u00e1 teicneola\u00edochta\u00ed f\u00f3tavoltacha gr\u00e9ine \u00e1 n-\u00fas\u00e1id le fuinneamh na gr\u00e9ine a athr\u00fa go fuinneamh leictreach. Is tr\u00ed phain\u00e9il ghr\u00e9ine a ghintear an fuinneamh sa gc\u00e1s seo. &#13; &#13; T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 t\u00f3ir n\u00e1 bh\u00edodh ar a bheith ag baint bunt\u00e1iste as fuinneamh na gr\u00e9ine \u00f3 tharla go bhfuiltear ag bogadh i &#8230; <a title=\"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa\" class=\"read-more\" href=\"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/\" aria-label=\"Read more about C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa\">Read more<\/a><\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":24474,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"inline_featured_image":false,"footnotes":""},"categories":[536,191],"tags":[244,539,190,210,496,195,538,196,236,537,174,250,198],"class_list":["post-24998","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-la-graciosa-ga","category-piolotacha","tag-climate-change-ga","tag-cooperative-models-ga","tag-energy-community-ga","tag-energy-savings-ga","tag-energy-transition-ga","tag-eu-ga","tag-green-energy-ga","tag-h2020-ga","tag-la-graciosa-ga","tag-local-energy-communities-ga","tag-react-ga","tag-renewables-ga","tag-solar-energy-ga"],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.4 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"I l\u00e1thair na huaire t\u00e1 teicneola\u00edochta\u00ed f\u00f3tavoltacha gr\u00e9ine \u00e1 n-\u00fas\u00e1id le fuinneamh na gr\u00e9ine a athr\u00fa go fuinneamh leictreach. Is tr\u00ed phain\u00e9il ghr\u00e9ine a ghintear an fuinneamh sa gc\u00e1s seo. &#013; &#013; T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 t\u00f3ir n\u00e1 bh\u00edodh ar a bheith ag baint bunt\u00e1iste as fuinneamh na gr\u00e9ine \u00f3 tharla go bhfuiltear ag bogadh i ... Read more\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"REACT 2020\" \/>\n<meta property=\"article:published_time\" content=\"2021-04-06T11:22:47+00:00\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2021-05-07T09:32:04+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1080\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"607\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"author\" content=\"AdminCometPublishing\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Written by\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"AdminCometPublishing\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:label2\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data2\" content=\"8 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"Article\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#article\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/\"},\"author\":{\"name\":\"AdminCometPublishing\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/e7d9c78a25d3d519f2588384a3fbea90\"},\"headline\":\"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa\",\"datePublished\":\"2021-04-06T11:22:47+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-07T09:32:04+00:00\",\"mainEntityOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/\"},\"wordCount\":1575,\"publisher\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#organization\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2020\\\/02\\\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg\",\"keywords\":[\"climate change\",\"cooperative models\",\"Energy Community\",\"Energy savings\",\"energy transition\",\"EU\",\"green energy\",\"H2020\",\"La Graciosa\",\"Local Energy Communities\",\"REACT\",\"renewables\",\"Solar energy\"],\"articleSection\":[\"La Graciosa\",\"P\u00cdOL\u00d3TACHA\"],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/\",\"name\":\"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2020\\\/02\\\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg\",\"datePublished\":\"2021-04-06T11:22:47+00:00\",\"dateModified\":\"2021-05-07T09:32:04+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2020\\\/02\\\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2020\\\/02\\\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg\",\"width\":1080,\"height\":607,\"caption\":\"DCIM100MEDIADJI_0030.JPG\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/2021\\\/04\\\/06\\\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Portada\",\"item\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/\",\"name\":\"REACT 2020\",\"description\":\"REACT 2020 \u2013 Renewable Energy for Self-Sustainable Island Communties\",\"publisher\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#organization\"},\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"Organization\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#organization\",\"name\":\"REACT 2020\",\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/\",\"logo\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2019\\\/07\\\/1.-REACT_Logo-horizontal_Color_RGB_2.png\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/wp-content\\\/uploads\\\/sites\\\/5\\\/2019\\\/07\\\/1.-REACT_Logo-horizontal_Color_RGB_2.png\",\"width\":1643,\"height\":419,\"caption\":\"REACT 2020\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\"}},{\"@type\":\"Person\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/#\\\/schema\\\/person\\\/e7d9c78a25d3d519f2588384a3fbea90\",\"name\":\"AdminCometPublishing\",\"image\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g\",\"url\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/secure.gravatar.com\\\/avatar\\\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g\",\"caption\":\"AdminCometPublishing\"},\"sameAs\":[\"https:\\\/\\\/publishing.comet.technology\"],\"url\":\"https:\\\/\\\/react2020.eu\\\/ga\\\/author\\\/admincometpublishing\\\/\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020","og_description":"I l\u00e1thair na huaire t\u00e1 teicneola\u00edochta\u00ed f\u00f3tavoltacha gr\u00e9ine \u00e1 n-\u00fas\u00e1id le fuinneamh na gr\u00e9ine a athr\u00fa go fuinneamh leictreach. Is tr\u00ed phain\u00e9il ghr\u00e9ine a ghintear an fuinneamh sa gc\u00e1s seo. &#13; &#13; T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 t\u00f3ir n\u00e1 bh\u00edodh ar a bheith ag baint bunt\u00e1iste as fuinneamh na gr\u00e9ine \u00f3 tharla go bhfuiltear ag bogadh i ... Read more","og_url":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/","og_site_name":"REACT 2020","article_published_time":"2021-04-06T11:22:47+00:00","article_modified_time":"2021-05-07T09:32:04+00:00","og_image":[{"width":1080,"height":607,"url":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg","type":"image\/jpeg"}],"author":"AdminCometPublishing","twitter_card":"summary_large_image","twitter_misc":{"Written by":"AdminCometPublishing","Est. reading time":"8 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"Article","@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#article","isPartOf":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/"},"author":{"name":"AdminCometPublishing","@id":"https:\/\/react2020.eu\/#\/schema\/person\/e7d9c78a25d3d519f2588384a3fbea90"},"headline":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa","datePublished":"2021-04-06T11:22:47+00:00","dateModified":"2021-05-07T09:32:04+00:00","mainEntityOfPage":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/"},"wordCount":1575,"publisher":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/#organization"},"image":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg","keywords":["climate change","cooperative models","Energy Community","Energy savings","energy transition","EU","green energy","H2020","La Graciosa","Local Energy Communities","REACT","renewables","Solar energy"],"articleSection":["La Graciosa","P\u00cdOL\u00d3TACHA"],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/","url":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/","name":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa - REACT 2020","isPartOf":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg","datePublished":"2021-04-06T11:22:47+00:00","dateModified":"2021-05-07T09:32:04+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#primaryimage","url":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2020\/02\/20200125_web_react_photos_La_Graciosa-9-1.jpg","width":1080,"height":607,"caption":"DCIM100MEDIADJI_0030.JPG"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/2021\/04\/06\/corais-fuinneamh-in-athnuaite-do-la-graciosa\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Portada","item":"https:\/\/react2020.eu\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"C\u00f3rais Fuinneamh In-athnuaite do La Graciosa"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/react2020.eu\/#website","url":"https:\/\/react2020.eu\/","name":"REACT 2020","description":"REACT 2020 \u2013 Renewable Energy for Self-Sustainable Island Communties","publisher":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/#organization"},"potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/react2020.eu\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"Organization","@id":"https:\/\/react2020.eu\/#organization","name":"REACT 2020","url":"https:\/\/react2020.eu\/","logo":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/react2020.eu\/#\/schema\/logo\/image\/","url":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2019\/07\/1.-REACT_Logo-horizontal_Color_RGB_2.png","contentUrl":"https:\/\/react2020.eu\/wp-content\/uploads\/sites\/5\/2019\/07\/1.-REACT_Logo-horizontal_Color_RGB_2.png","width":1643,"height":419,"caption":"REACT 2020"},"image":{"@id":"https:\/\/react2020.eu\/#\/schema\/logo\/image\/"}},{"@type":"Person","@id":"https:\/\/react2020.eu\/#\/schema\/person\/e7d9c78a25d3d519f2588384a3fbea90","name":"AdminCometPublishing","image":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g","url":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g","contentUrl":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/6ce858727fb26acaa2181992800c32363ecd1b00a21522a41880ad1b33a8ef96?s=96&d=mm&r=g","caption":"AdminCometPublishing"},"sameAs":["https:\/\/publishing.comet.technology"],"url":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/author\/admincometpublishing\/"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/24998","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=24998"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/24998\/revisions"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/24474"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=24998"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=24998"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/react2020.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=24998"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}